Is foirgneamh traidisiúnta Gaelach é an teach dubh a bhíodh coitianta in Éirinn agus in Albain.

De ghnáth, thógtaí na tithe seo le ballaí dúbailte a bhí pacáilte le hithir, uaireanta dhéantaí aoldathú orthu (teach geal a thugtaí air sa chás sin), fuinneoga beaga, ceann tuí le sparraí adhmaid agus leaca ar an urlár. Uaireanta, bhíodh na tithe dubha roinnte idir stábla le haghaidh ainmhithe agus na seomraí ina mbíodh na daoine ina cónaí. Ba ghnách don tinteán a bheith i lár an tí chun an bia a ullmhú agus an teach féin a théamh. Ní minic a bhíodh simléar ann, toisc go dtéadh an deatach amach tríd an tuí féin. Tá fothracha tréigthe le feiceáil fós agus rinneadh roinnt tithe a atógáil agus in an-chuid áiteanna ar fud na Gaeltachta agus na nOileán in Albain, go háirithe in Árnol, in Leòdhas, agus úsáidtear cuid acu mar thithe samhraidh iad sa lá atá inniu.

Tagairtí cuir in eagar