Teampall Ráth Teas

eaglais i gContae Chiarraí

Séadchomhartha Náisiúnta (57[1]) is ea Teampall Ráth Teas, eaglais na meánaoise le cloch Oghaim inti, suite i dTrá Lí, Éire.[2][3]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teampall Ráth Teas
Íomhá
Sonraí
CineálFothrach eaglaise
Tréith
Stíl ailtireachtaAiltireacht Rómhánúil
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire
Map
 52°16′N 9°41′W / 52.27°N 9.68°W / 52.27; -9.68
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann


Suíomh cuir in eagar

Tá an eaglais suite i reilig ar tSráid Quill, sna fo-bhailte oirthreacha Thrá Lí,[4] ag 52°16′01″N 9°40′55″W / 52.267007°N 9.681814°W / 52.267007; -9.681814

Stair cuir in eagar

Creidtear gur tógadh ráth (Ráth Mhaighe Theas) ar an suíomh ar dtús,[5], sular tógadh an eaglais a bhí ina lárionad deoise Chiarraí ó 1111 go 1117, nuair a bogadh an ardeaglais chuig Ard Fhearta.[6] Is leis an tógáil seo an bhinn thiar agus cuid de bhallaí na meánlainne; tógadh an chuid eile den eaglais níos deireanaí.[7]

I bhfad níos sine is ea an chloch Oghaim. De réir fianaise na gramadaí, creidtear go dtéann sí siar go dtí AD 550–600.[8]

Cur síos cuir in eagar

Eaglais cuir in eagar

Is eaglais Rómhánúil atá inti. Tógadh í sa 10ú haois AD, le tomhas 16 m ar airde, 7.5 m ar leithead, agus achar 120 m2, as cloch gainimh, aolchloch agus moirtéal.[9]

Cloch Oghaim cuir in eagar

Is cloch gainimh chorcra í an chloch, le tomhas 145 × 34 × 20 cm. D'aimsíodh í sa bhliain 1975 in rith glanta; cuireadh í isteach i dtaobh lusca tuama den 19ú haois.[10] Léitear an inscríbhinn:

[A]NM SILLANN MAQ VATTILLOGG
(in) ainm Síoláin mhic Fáithleoga[11]
 
An chloch Oghaim

Tagairtí cuir in eagar