Teampall Ráth Teas
Séadchomhartha Náisiúnta (57[1]) is ea Teampall Ráth Teas, eaglais na meánaoise le cloch Oghaim inti, suite i dTrá Lí, Éire.[2][3]
Teampall Ráth Teas | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Fothrach eaglaise | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Ailtireacht Rómhánúil | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chiarraí, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Suíomh
cuir in eagarTá an eaglais suite i reilig ar tSráid Quill, sna fo-bhailte oirthreacha Thrá Lí,[4] ag 52° 16′ 01″ N, 9° 40′ 55″ O / 52.267007°N,9.681814°W
Stair
cuir in eagarCreidtear gur tógadh ráth (Ráth Mhaighe Theas) ar an suíomh ar dtús,[5], sular tógadh an eaglais a bhí ina lárionad deoise Chiarraí ó 1111 go 1117, nuair a bogadh an ardeaglais chuig Ard Fhearta.[6] Is leis an tógáil seo an bhinn thiar agus cuid de bhallaí na meánlainne; tógadh an chuid eile den eaglais níos deireanaí.[7]
I bhfad níos sine is ea an chloch Oghaim. De réir fianaise na gramadaí, creidtear go dtéann sí siar go dtí AD 550–600.[8]
Cur síos
cuir in eagarEaglais
cuir in eagarIs eaglais Rómhánúil atá inti. Tógadh í sa 10ú haois AD, le tomhas 16 m ar airde, 7.5 m ar leithead, agus achar 120 m2, as cloch gainimh, aolchloch agus moirtéal.[9]
Cloch Oghaim
cuir in eagarIs cloch gainimh chorcra í an chloch, le tomhas 145 × 34 × 20 cm. D'aimsíodh í sa bhliain 1975 in rith glanta; cuireadh í isteach i dtaobh lusca tuama den 19ú haois.[10] Léitear an inscríbhinn:
- [A]NM SILLANN MAQ VATTILLOGG
- (in) ainm Síoláin mhic Fáithleoga[11]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Monuments in State Care, Kerry ar archaeology.ie (PDF)
- ↑ "Ratass Church (Tralee, Ireland): Top Tips Before You Go (with Photos) - TripAdvisor".
- ↑ "The Ecclesiastical Architecture of Ireland Anterior to the Anglo-Norman Invasion: Comprising an Essay on the Origin and Uses of the Round Towers of Ireland".
- ↑ "The Antient and Present State of the County of Kerry: Being a Natural, Civil, Ecclesiastical, Historical, and Topographical Description Thereof".
- ↑ "Notes on Irish Architecture: By Edwin, third Earl of Dunraven. Edited by Margaret Stokes".
- ↑ "Early Medieval Munster: Archaeology, History and Society".
- ↑ "Ratass Church and Ogham Stone, Rathass Cemetery, Tralee - GoKerry". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-12. Dáta rochtana: 2019-12-12.
- ↑ "CISP - RATAS/1".
- ↑ "A New History of Ireland: Prehistoric and early Ireland".
- ↑ Ratass Church, Tralee ar megalithicireland.com
- ↑ Ratass, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath