Teangacha Algancacha
Is fo-fhine teangacha iad na teangacha Algancacha a bhfuil an chuid is mó de theangacha an fhine Ailgeach mar chuid di (an dá theanga Ailgeacha nach bhfuil mar chuid di ná Wiyot agus Yurok ó iarthuaisceart Chalifornia). Tá muintir na dteangacha Algancacha scaipthe ó chósta thoir Mheiriceá Thuaidh go dtí na Sléibhte Creagacha.
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teanga bhundúchasach teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá teangacha bundúchasacha de chuid Mheiriceá Thuaidh teangacha Algacha | |
Cóid | |
ISO 639-2 | alg |
ISO 639-5 | alg |
Glottolog | algo1256 |
Linguist List | algo |
IETF | alg |
Ba chóir idirdhealú a dhéanamh idir an fhine Algancach agus Algaincis, teanga amháin san fhine.
Gnéithe Gramadaí
cuir in eagarTá clú ar na teangacha Algancacha mar gheall ar an moirfeolaíocht pholaisintéiseach choimpléascach atá acu, chomh maith leis an gcóras briathra atá acu. Is féidir abairtí a thógann roinnt focail i dteangacha eile a chur in iúl i bhfocal amháin: (Menominee) enae:ni:hae:w "Tá sé cloiste ag na cumhachtaí níos airde" nó (Cree) kāstāhikoyahk "Cuireann sé eagla orainn". De ghnáth, bíonn dhá thríú pearsa sna teangacha seo: ceann suntasach (proximate) a bhaineann le hainmfhocal níos tábhachtaí sa gcomhthéacs, agus ceann tánaisteach (obviative) a úsáidtear ar ainmfhocail nach bhfuil chomh suntasach sin.
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |