Teresa Mullen

lúthchleasaí parailimpeach Éireannach

Lúthchleasaí parailimpeach Éireannach ab ea Teresa Mullen (27 Aibreán 1938 - 23 Lúnasa 1989).[1][2]

Infotaula de personaTeresa Mullen
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1938
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Lúnasa 1989
51 bliana d'aois
An Chúlóg, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaBaile Ghrífín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbowls player (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Mullen i mBaile Átha Cliath an 27 Aibreán 1938. Ba iníon í do James Kelly agus Lily Kelly (née Boles) de Bhóthar Ellenfield, Fionnbhrú, Baile Átha Cliath. D'fhreastail sí ar scoil i mBaile Átha Cliath, agus d'oibrigh sí mar mheaisínóir.

Phós sí Christopher John Mullen i 1961. Rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh. Chónaigh siad ar dtús sa Trá Thuaidh agus ansin bhog siad go dtí an Chúlóg, Baile Átha Cliath.

Bhí Mullen sna tríochaidí nuair a thosaigh sí ag brath ar chathaoir rothaí, tar éis deacrachtaí a d'eascair as eipeadúrach. Thosaigh sí ag freastal ar ionad lae Chluain Tarbh de chuid Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann i lár na 1980idí, áit ar tugadh isteach babhlaí faiche í agus a raibh cumas nádúrtha aici ina leith.

Lúthchleasaíocht cuir in eagar

Bhuaigh sí an teideal náisiúnta tosaitheoir i 1985 maidir le babhlaí, agus bhuaigh sí na teidil shinsearacha Éireannacha i 1986 agus 1987. Le seo bhí sí an céad babhlaí ó Phoblacht na hÉireann chun é sin a dhéanamh. Ghlac sí páirt i gCluichí Stoke Mandeville i 1986 agus 1987, agus bhuaigh sí cré-umha sna himeachtaí singil agus dúbailte. Fuair sí oiliúint i dTuaisceart Éireann mar ullmhúchán do na Cluichí Para-Oilimpeacha 1988 i Súl, sa Chóiré, ag traenáil i gcoinne na n-imreoirí ábalta is fearr agus iad a bhualadh go minic.[1]

Díreach roimh na gcluichí 1988, rinneadh diagnóis ailse uirthi nach féidir a leigheas. Thaistil Mullen go dtí an Chóiré in aghaidh chomhairle a dochtúirí, ach tacaíodh a teaghlaigh agus maoirseacht leighis a sholáthair Comhairle Parailimpeach na hÉireann lei. Chaith Mullen a lán ama sa leaba i rith na gcluichí, ach ag imeacht chun bheith san iomaíocht. In ainneoin seo, bhuaigh sí an bonn óir i gcatagóir Singles Bowls na mBan. Fuair sí bás sa bhaile sa Chúlóg an 23 Lúnasa 1989, agus tá sí curtha i reilig Fhine Gall, Baile Ghrífín.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Jim Shanahan (2018). "Dictionary irish biography earliest times year 2010 | Irish literature" (en). Cambridge University Press. Dáta rochtana: 2020-01-10.
  2. "Teresa Mullen - Lawn Bowls | Paralympic Athlete Profile" (en). International Paralympic Committee. Dáta rochtana: 2020-01-10.