Tesco Ireland
Is é Tesco Ireland an brainse Éireannach de Tesco plc. Is é Tesco Ireland an tsraith ollmhargaí is mó in Éirinn. Tá ollmhargaí acu faoin ainm "Tesco" den chuid is mó, chomh maith le "Tesco Extra" le haghaidh siopaí níos mó, agus "Tesco Express" i gcomhair siopaí beaga.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gnó |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1966 |
Bunaitheoir(í) | Pat Quinn |
Gníomhaíocht | |
Táirge | grocery store (en) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Máthaireagraíocht | Tesco |
Suíomh gréasáin | http://www.tesco.ie/ |
Stair
cuir in eagarTesco Ireland sna 1980idí
cuir in eagarBa é Tesco Ireland an t-ainm a bhí ar ghrúpa ollmhargaí in Éirinn sna 1980idí. Sa bhliain 1986 díoladh iad chuig an comhlacht H Williams a d'imigh as trádáil an bhliain dár gcionn.
Quinnsworth/Crazy Prices
cuir in eagarB'ollmhargadh in Éirinn a thosaigh sna 1970idí é Quinnsworth. Bhí an t-ainm Crazy Prices tugtha acu ar a gcuid siopaí móra. Ba é Associated British Foods (ABF) an t-úinéir. I 1997 díoladh iad chuig Tesco plc agus foirmíodh "Tesco Ireland". Chomh maith leis seo cheannaigh Tesco Lifestyle Sports, ach de bharr ceannach thar barr amach ag an mbainistíocht díchumaiscíodh é.
Tesco
cuir in eagarDe réir a chéile athraíodh ainmneacha na siopaí chuig "Tesco Ireland", agus baineadh úsáid as leagan gorm de lógó Tesco.
Anois tá Tesco ag cur an lógó a úsáidtear sa Bhreatain ar a gcuid siopaí agus tá an lógó "Tesco Ireland" ag imeacht as úsáid.
Nuacht le déanaí
cuir in eagarTá Tesco faoi bhrú faoi láthair chun a gcuid praghsanna a ísliú mar gheall ar an mbearna ollmhór idir na praghsanna i bPoblacht na hÉireann agus na praghsanna i dTuaisceart na hÉireann.
Féach freisin
cuir in eagar- Iomaitheoirí Tesco in Éirinn