The Hunger Games (Sraith Leabhar)

Scríobh Suzanne Collins an tsraith The Hunger Games.[1].

WD Bosca Sonraí LeabharThe Hunger Games

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith úrscéalta agus tríológ liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPaid My Dues (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaStandard English (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuidThe Hunger Games
Catching Fire
Mockingjay Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraficsean do dhaoine fásta óga, ficsean diostóipeach agus ficsean eachtraíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilThe Hunger Games universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith díorthachThe Ballad of Songbirds and Snakes Cuir in eagar ar Wikidata
An lógó don sraith
An lógó don sraith
Teideal The Hunger Games
Údar Suzanne Collins
Foilsithe Scholastic Press
Dáta foilsithe 14 Mean Fomhair 2008
Teanga Béarla ar dtús
Príomhcharachtair Katniss Evergreen
Leabhar sa tsraith The Hunger Games, Catching Fire, agus Mockingjay

Eolas faoin údar cuir in eagar

Nuair a bhí sí óg, bhog Suzanne Collins ó stát go stát eile go minic mar bhí a athair ag obair don ‘Air Force’.Dé réir sin bhí cogadh mar chuid lárnach ina saol. D’fhreastail sí ar ollscoil Indiana agus bhuail sí lena fear céile. Fuair sí spás i gclár M.F.A i Nua-Eabhrac [1].

Scríobh Suzanne sraith ‘The Underland Chronicles’ agus fuair an tsraith spás ar an ‘Liosta Díoltóirí is Fearr’. Oíche amháin bhí Suzanne ag féachaint ar nuacht faoin gCogadh in Afganastáin agus clár réaltacht. Ag an móimint fuair sí an inánalú ón scéal ‘Thesus and the Minotaur’[2]. Fuair an tír an t- ainm ón leagan Laidíneach ‘Panem et Circenses’. Foilsíodh an chéad leabhar i 2008 agus bhí gach duine ag moladh Suzanne faoin stíl sa leabhar. Fuair sí a lán moladh ón t-údar Stephen King.

An athrú ó leabhar go scannán cuir in eagar

Roimh deireadh 2010 bhí gach leabhar sa tsraith amach agus thit gach duine i ngrá leis an scéal. Nuair a bhí siad ag ullmhú don chéad eisiú don leabhar, rinne an foilsitheoir Scholastic Press 200,00 cóip. Sa Stáit Aontaithe Mheiriceá cheannaigh an phobail 4.3 milliún cóip i 2010 [3]. I 2011, dhíol sé 9.2 milliún cóip [4]. Tháinig an tréiléar don chéad scannán amach ar 14 Samhain 2011 agus idir sin agus deireadh na bliana cheannaigh an phobail 7.5 milliún.cóip [4]. Tá tú ábalta an leabhar a cheannach i 26 teanga. I 2013, fuair an tsraith sin an chéad ait í dhá liosta ón gcomhlacht amazon - leagan méaraí agus cló. Thóg siad an chead áit óna leabhair Harry Potter [5].

An Chéad Leabhar: The Hunger Games cuir in eagar

 
Gruaig Katniss

Is í Katniss Evergreen an príomhcharachtar sa tsraith sin. Tá sí sé bliana déag d’aois agus tá sí ag streacailt leis an tsaol. Tá sí ina cónaí i ‘District 12’ lena máthair agus a deirfiúr [6]. Sa cheantar tá gach duine beo bocht agus gan aon riachtanas na beatha acu. Gach bliain, mar gheall ar an reibiliún teipthe, bhíodh na ‘Hunger Games’ ar siúl. Bhuail gach duine i lár an bhaile agus phioc siad cailín óg agus buachaill óg idir dhá bhliain déag d’aois agus ocht mbliana déag d’aois [7]. Tá an lá sin aitheanta de bharr lá an inneallbhainte. Is é an seachtó ceathrú ‘Hunger Games’. Phioc duine amháin, Effie Trinket na hainmneacha ón mbabhla. Go dtí an am sin cheap an chuid is mó de na leitheoirí go raibh Katniss i dtrioblóid. Phioc Effie ainm ‘Primrose Everdeen’ amach [6]. Is í déirfiúir Katniss í. Tá Katniss trína chéile. Chaill sí a hathair nuair a bhí sí óg. Fuair sé bás i dtimpiste miandóireachta. Níor tháinig a máthair chuici féin i gceart óna bhás riamh. Thairg Katniss dul ina háit.[7]

Bhuail sí le buachaill darbh ainm Peeta Mellark ón ‘District 12’ agus chuaigh siad go dtí an Capitol [8]. Tá aithne aici ar Peeta Mellark. Lá amháin bhí ocras an domhain ar Katniss agus bhí Peeta ag obair i siopa bácús [9]. Chaith sé píosa arán dóite do Katniss. Bhuail Katniss agus Peeta an chéad duine eile ón District 12 a bhuaigh an ‘Hunger Games’. Hamish is ainm dó. Anois, is alcólach é agus tríd an ‘Games’ d’fhoghlaim sé stuaim [8]. Bhuail Katniss le stílealaí faisin, Cinna, agus rinne sé guna dochreidte don chéad searmanas. Tá bladhaire oraiste ar ghúna Katniss agus ar chulaith Peeta [10]. Sheas Katniss agus Peeta amach dona daoine eile. Ar an lá dár gcionn thosaigh Katniss agus Peeta ag traenáil don ócaid. Bhí na paistí eile ón gcathair níos saibhre agus mar sin thosaigh siad ag traenáil nuair a bhí siad óg [11]. Tharla agallamh idir Caesar Flickerman agus gach páiste. Deir Peeta go bhfuil sé splanctha i ngrá leKatniss. De réir sin, chreid a lán daoine go bhfuil an lanúin mar ‘The Star Crossed Lovers from District 12’.

Ar an chéad lá den ‘Hunger Games’, D’éirigh Katniss amach ón talamh. Tá gach duine óg ansin agus thosaigh na ‘Hunger Games’ ar an Cornucopia. Tá a lán soláthar ann cosúil le uirlis troda, bia agus cógas. Thosaigh formhór na ndaoine ag troid [12] ach mhól Haymitch do Katniss dul i bhfolach. Chaith sí an lá ag siulóireacht agus ag an deireadh rinne sí bunchampa. Las duine eile tine in aice láimhe ach tar éis cúpla nóiméad tháinig an ‘Career Pack’ agus fuair duine eile bás. Bhí Peeta i gcomhluadar leis na ‘Career Pack’ agus tháinig preab i gcroí Katniss faoi sin. Ar an lá dár gcionn thosaigh Katniss ag lorg uisce ach thit sí ina chnap mar gheall ar an gcorthacht. Ag an deireadh fuair sí uisce ón srúth. Go tobann, i rith na hoíche dhúisigh sí agus thosaigh sí ag rith mar bhí balla tine ag bogadh ina treo. Dóigh sí ar a cós.

San oíche bhí sí i bhfolach i gcrann mór mar bhí an ‘Career Pack’ thíos. Thug Katniss aird ar Rue ó District 11. Thaispeáin sí nead lán de ‘Tracker Jackers’. Rinne an ‘capitol’ na feithid sin. Ghearr Katniss an chraobh agus fuair beirt ón ‘Career Pack’ bás mar gheall ar na ‘Tracker Jackers’ [8]. D’fhag gach duine eile. Rith Katniss ón eachtra ach bhí chuimnigh sí go bhfuil saighead agus bogha ag duine a fuair bás. D’fhíll sí ar ais Bhuail Katniss le Rue arís agus thosaigh siad ag seilg le chéile [6]. Bhuaigh Katniss arís go dtí an Cornucopia agus nuair a d’fhill sí níl Rue san áit chruinnithe. Thosaigh sí ag lorg dí ach nuair a aimsigh sí, bhí sleá ina cliabhrach [10]. Scaoileadh Katniss an buachaill a ghorthaigh Rue agus fuair sé bás. Fuair Rue bás freisin agus chuir Katniss blathanna ar a corp [13].

Ar an lá dár gcionn, chuala Katniss fógra go bhfuil beirt daoine ón district ceanna ábalta na cluichí a bhuachan [8]. Thosaigh sí ag lorg Peeta. Bhí sé gortaithe agus thug sí é go dtí pluais [9]. Cheap Katniss go bhfuil Peeta ag fáil bháis agus mar sin phóg sí é. Bhí cos Peeta ionfhabhaithe agus chuala siad fógra go bhfuil rud riachtanach cosúil le cógas ar an Cornucopia do Peeta. Chuaigh sí go dtí an Cornucopia agus thosaigh sí ag troid le cailín eile [8]. Go tobann, fuair an cailín bás mar gheall ar Thresh, an buachaill ó District 11. Thúg Katniss an cógra do Peeta. Chaith siad cúpla lá sa plhuais mar bhí sé ag stealladh baistí. Nuair a stop an báisteach, thosaigh siad ag lorg bia agus fuair Peeta sméara nimhiúla [9]. Bhí duine amháin fós beo - Cato [14].

 

Chuaigh Katniss agus Peeta go dtí an Cornucopia mar ní raibh aon foinse uisce eile ann. Ar an loch, thosaigh Cato ag rith doibh ach níor stop siad. Bhí ainmhithe innealtóireacht ina dhiaidh. Bhí na triúr daoine ar an Cornucopia agus thosaigh Cato ag troid le Peeta, ach thit Cato ón taobh [14]. Fuair sé bás. Cheap Katniss gur bhuaigh siad ach dúirt an fógra go aithríonn na rialacha ar ais [8]. Thúg Katniss sméar nimhiúil do Peeta agus chuir an bheirt iad ina mbéal. Mar gheall ar sin d’fhogar an Game Master - Seneca Crane [15], gur bhuaigh siad. D’fhill siad ar ais go dtí an ionad traenála. Dúirt Hamish le Katniss go bhfuil sí i dtrioblóid mar gheall an ‘Act of Defiance’ [16]. Chaill Peeta a chos. Bhí fearg air mar bhí a fhios aige go bhfuil an cumann breagach. Chuaigh siad ar ais go dtí District 12.

An Dara Leabhar – Catching Fire cuir in eagar

Mar gheall ar an bua bhí níos mó airgead ag Katniss agus Peeta anois [17]. Bhí siad ina gcónaí i dteach mór i district 12. Lá amahin d’fhill Katniss abhaile ón gcoill agus bhí tUachtarán Snow ag fanacht léi [18]. Bhí sé buartha faoin éirí amach sna ‘districts’ mar gheall an comhaontú féinmharaithe. Dúirt an tUachtarán Snow gur cheart dí leanúint ar aghaidh go bhfuil sí fós i ngrá le Peeta nó ghortódh sé Gale, an cairde is mó a bhí aici. Dúirt Katniss go bpósfadh sí Peeta.

Ag tús an ‘Victory Tour’ bhí comhaontú acu go mbeadh siad ina gcairde. Stop siad i District 11, baile Rue. Thosaigh seanfhear sa phlód ag feadáil agus ag déanamh cuirteis lena méara [19]. D’fhag Katniss agus Peeta an ardan ach chonaic siad foireann slándála ag marú an fear. On eachtra sin bhí fhios aici go raibh na daoine sna ‘Districts’ dubh doite. Ag deireadh an turas, bhí plean aige go mbeadh Peeta ag ceiliúradh pósadh ar chlár teilifíse. Ach dúirt an tUachtarán Snow seans nach leor do chuid gealltanas [20]. Nuair a shroich sí abhaile tharla éirí amach i District 8.

Chonaic sí siombail don Mocking Jay [21] ar uaireadoir Plutarch Heavensbee, an Game Master nua. Cúpla seachtain tar éis sin chuaigh Katniss go dtí an coill ach bhuail sí le beirt bhan ó District 8. Dúirt siad go bhfuil siad ag dul go dtí District 13. Bhí Katniss trína chéile mar cheap sí go raibh District 13 scríosta. Chonaic sí siombail don Mocking Jay arís ar craicear a fuair sí ón bhean sa choill [21].

BhÍ Katniss ag féachaint ar chlár teilifíse faoin ‘The Quarter Quell’. Sa bhliain seo, bhí ‘Hunger Games’ an speisialta mar gheall gur bhliain cuimhneacháin a bhí ann. Dúirt an tUachtarán Snow go raibh an rogha ag na sean buaiteoirí an tam seo [20]. Mar gheall sin bhí Katniss ag dul ar ais. Thoiligh Peeta áit a ghlacadh freisin. Bhuail siadl e na daoine eile ag troid cosúil le Finnick Odair [22], Johanna Mason [23], Wireless & Beetee agus Mags. Bhí agallamh ann arís agus rinne Cinna an gúna. Thosaigh an gúna ag athrú i lár an agallamh, go dtí siombail don Mocking Jay [17].

Bhí na cluichí suite ar oileán tróipaiceach. Dúirt Finnick go raibh sé féin agus Katniss mar chomhghuaillí mar bhí siad ag caitheamh an seodra céanna. Rith Katniss, Peeta, Finnick agus Mags ón oibrean néaróg tocsaineach [17]. Ach fuair Mags bás [24]. Bhí an t-oileán leagtha cosúil le clóg, athraíonn an bagairt gach uair. Chuala Katniss scread ó Primrose ach tháinig an fuaim ón Jabberjay [25].

Bhí plean ag Beetie [26] - Bhuail an tintreach an crann mór gach lá. Cheangail Beetie an sreang seoltach ón fharraige go dtí an crann. Nuair a bhuail an tintreach fuair aon duine ar an trá bás. D’fhág an grúpa an trá agus bhog grúpa eile ann. Chuir Katniss agus Johanna an sreang timpeall an chrann. Ghearr Johanna an sreang, bhuail sí cloigeann Katniss agus ghearr Johanna an ‘Tracker Jacker’ ón lámh [17]. Chuir Katniss an sreang timpeall an saighead, scaoil sían saighead agus thit an réimse fórsa. Dhuisigh sí ar eitlean le Haymitch, Plutarch agus Finnick [27]. Bhí Plutarch ina ball de ghrúpa ceannairceach. Bhí a lán ‘districts’ tar éis éirigh amach anois. Thóg an Capitol Peeta agus Johanna [17].

An tríú leabhar – Mockingjay cuir in eagar

 
Íomhá den Mockingjay

Sheas Katniss i District 12. Bhí an grúpa ceannairceach ag úsáid Katniss mar fheachtas bolscaireachta [28]. Is é Alma Coin an tUachtarán i District 13 [29]. Bhí a lán arm núicléach ar fail i District 13 agus bhí saol i District 13 an fíontaíoch. Mhothaigh Katniss tráma mar gheall ar an dá ‘Hunger Games’. Oiche amháin tháinig Peeta ar an teilifís. Bhí sé ag lorg scór de lamhach ach ní aontaíonn Katniss [30]. Cheap sí go bhfaigheadh an Capitol níos mó cumhacht ón scór le lamhach.

Chuaigh Katniss go dtí an ospideal chun cuairt a thabhairt do dhuine gorthaithe. Thosaigh sí ag caint go hinspioráideach. Bhain District 13 úsáid as an bpíosa scannánaíochta sin. Dúirt Katniss ‘fire is catching, if we burn you burn with us’ [28]. Chonaic sí Peeta ar an teilifís arís agus dúirt sé go mbeadh an Capitol ag buamáil District 13 go luath. Chuaigh gach duine i District 13 faoin talamh. Fuair District 13 Peeta agus Johanna ón Capitol ach bhí a d’intinn a mhúnlú [31]. Chuaigh Katniss ar an líne thosaigh agus bhí sí ag troid os comhair na saighdiurí ón Capitol [32]. Rinne an grúpa ceannairceach ionsaí ar an Capitol ach d’éalaigh Katniss [28].

Dhuisigh sí í District 13. Rinne sí traenail bunusach agus bhí sí ábalta troid ar a líne thosaigh arís [32]. Anois bhí an Capitol cosúil le airéine ón Hunger Games. Fuair an ceannaire bás mar gheall ar an bhfoinse ón Uachtarán Snow [32]. Ba mhaith le Katniss dul go dtí an tUachtarán Snow chun feallmharú a dhéanamh air. Nuair a shríoch sí an teach mór bhí liné lán de phaistí gan dídean timpeall an tí. Go tobann phleasc paraisiút ar na paistí. Rith na doctuirí isteach agus bhí Primrose ina measc. Thit an dara babhta paraisiút agus fuair Primrose bás [33].

Dhuisigh Katniss sa Capitol. Bhuaigh an grúpa ceannaireach[34]. Thosaigh Katniss ag siuíl timpeall an teach mór agus bhuail sí leis an Uachtarán Snow faoi gharda. Dúirt sé go raibh an tUachtarán Coin freagarach don foinsí paraisiut ar na paistí. Mharaigh Katniss an tUachtarán Coin [35]. D’fhill Katniss agus Haymitch go dtí District 12. Fuair Gale post i District eile. Chaith Katniss agus Peeta a saol le chéile agus bhí paistí acu. Ní raibh siad ábalta na droch-chuimhní a chur as a gceann.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Biography - Suzanne Collins". www.suzannecollinsbooks.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  2. "The myth of Theseus and the Minotaur" (en-US). Greek Myths & Greek Mythology (2009-08-14). Dáta rochtana: 2019-03-21.
  3. "The Hunger Games books - unit sales 2013 | Statistic" (en). Statista. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  4. 4.0 4.1 "Scholastic Announces Updated U.S. Figures for Suzanne Collins's Bestselling The Hunger Games Trilogy | Scholastic Media Room". mediaroom.scholastic.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  5. Laura Owen (2012-08-17). "Hunger Games beats Harry Potter to become Amazon’s bestselling U.S. series" (en-US). gigaom.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-21. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  6. 6.0 6.1 6.2 "Book Summary". www.cliffsnotes.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  7. 7.0 7.1 "SparkNotes: The Hunger Games: Plot Overview" (en). www.sparknotes.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 Collins, Suzanne, author.. "The Hunger Games". OCLC 1078146135. 
  9. 9.0 9.1 9.2 "Peeta Mellark" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  10. 10.0 10.1 "The Hunger Games" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  11. "Career Tribute" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  12. "Cornucopia bloodbath" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  13. "Rue" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  14. 14.0 14.1 "Cato" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  15. "Seneca Crane" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  16. "Haymitch Abernathy" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 17.4 "Catching Fire (Book 2 of The Hunger Games Trilogy): Catching Fire: Book 2 of the Hunger Games Book Summary & Study Guide | CliffsNotes". www.cliffsnotes.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  18. "Coriolanus Snow" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  19. "Unidentified District 11 Citizen" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  20. 20.0 20.1 Collins, Suzanne, author.. "Catching fire". OCLC 1049821921. 
  21. 21.0 21.1 "Mockingjay pin" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  22. "Finnick Odair" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  23. "Johanna Mason" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  24. "Fog" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  25. "SparkNotes: Catching Fire: Plot Overview" (en). www.sparknotes.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  26. "Beetee Latier" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  27. "Second Rebellion" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  28. 28.0 28.1 28.2 Collins, Suzanne, author.. "Mockingjay". OCLC 1063747640. 
  29. "Alma Coin" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  30. "Mockingjay (Book 3 of The Hunger Games Trilogy): Mockingjay: Book 3 of the Hunger Games Book Summary & Study Guide | CliffsNotes". www.cliffsnotes.com. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  31. "Mockingjay" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  32. 32.0 32.1 32.2 "Squad 451" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  33. "Primrose Everdeen" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  34. "Second Rebellion" (en). The Hunger Games Wiki. Dáta rochtana: 2019-03-21.
  35. "Why did Katniss kill Coin and not Snow in Mockingjay?" (en-US). Hypable (2015-12-14). Dáta rochtana: 2019-03-21.