Thomas Byrne

polaiteoir Éireannach

Is Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é Thomas Byrne (a rugadh ar 1 Meitheamh 1977). Ceapadh Byrne mar Aire Stáit na Gaeltachta sa bhliain 2024 in áit Patrick O'Donovan.[1]

Infotaula de personaThomas Byrne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1977
46 bliana d'aois
Droichead Átha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Seanadóir na hÉireann
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016
Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann

Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: ThomasByrneTD Cuir in eagar ar Wikidata

Is cainteoir líofa Gaeilge é agus is minic le Byrne agallaimh i nGaeilge a dhéanamh leis na meáin.

2020

Gairm cuir in eagar

Teachta Dála don Mhí Thoir is ea Byrne. Toghadh chun na Dála é den chéad uair in 2007. Chaith sé seal mar Sheanadóir idir 2011-2016.

Toghadh é mar Theachta Dála arís in 2016. Fuair sé suíochán breise dá pháirtí an uair sin agus gan san iomaíocht ach é féin d’Fhianna Fáil. Ach in 2020, bhí an Comhairleoir Deirdre Geraghty-Smith (FF), as ceantar Ráth Tó, ar an ticéad leis.[2] Dúirt sé ag an am go dtabharfadh Fianna Fáil faoiseamh cánach do dhaoine atá sna meán-aicmí ioncaim.[3]

Ceapadh Byrne ina Aire Stáit don Spórt sa bhliain 2020.

Bhí folúntas ann sa bhliain 2024 d’Aire Stáit na Gaeltachta tar éis don Taoiseach nua, Simon Harris, ardú céime a thabhairt don Teachta Dála Patrick O’Donovan, a ceapadh ina Aire Ardoideachais. Bhí Byrne ag obair sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán cheana féin, AGUS ní raibh sé á lua i measc na roghanna don chúram toisc gur Teachta de chuid Fhianna Fáil atá ann. Bhí iontas ann go raibh Simon Harris sásta cúraimí na Gaeltachta a thabhairt do Theachta ó Fhianna Fáil seachas duine óna pháirtí féin a cheapadh.[4]

Pearsanta cuir in eagar

In 2005, phós Byrne Ann Hunt, banaltra, agus tá triúr clainne orthu.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2024-04-10). "Thomas Byrne ó Fhianna Fáil ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta" (as ga). 
  2. "TOGHCHÁN 2020: Fine Gael in ann don bhrú sa Mhí Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-01-31). Dáta rochtana: 2024-04-10.
  3. Nuacht RTÉ (2020-01-16). "Dara lá de stocaireacht toghchánaíochta na bpáirtithe" (as ga). 
  4. Pádraic Ó Ciardha (10 Aibreán 2024). "Thomas Byrne le hainmniú mar Aire Stáit na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-10.