Thomas Prior

scríbhneoir Éireannach

Ba dlíodóir, úinéir talún agus údar Éireannach é Thomas Prior (168221 Deireadh Fómhair 1751).

Infotaula de personaThomas Prior

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1680
Bás21 Deireadh Fómhair 1751
70/71 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Choláiste Cill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeacnamaí, acadóir, daonchara, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois

Saol cuir in eagar

Rugadh é i Ráth Domhnaigh, Contae na Banríona, Éire. Chuaigh sé isteach i scoil phoiblí i gCill Chainnigh in mí Eanáir, 1696/1697 agus d'fhan sé ansin go dtí mí Aibreáin, 1699. Bhí George Berkeley sa scoil chéanna leis. Lean sé lena chuid oideachais ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, fuair sé scoláireacht sa bhliain 1701 agus bhain sé céim B.A. amach sa bhliain 1703.[1] Ba iad George Berkeley, Jonathan Swift agus an 4ú Iarla Chesterfield cuid dá chairde. Bhí sé in a chomhalta bhunaidh den Chumann Fisic-Stairiúil agus bhí baint aige le bunú Ospidéal an Rotunda, in éineacht le Bartholomew Mosse.

Bhí an tuairim ann go raibh a halt, Liosta neamhchónaithigh na hÉireann ... le tuairimí ar ghnó agus cúinsí na ríochta sin (A list of absentees of Ireland ... with observations on the present trade and conditions of that kingdom), ar fhoilsíodh é sa bhliain 1729, treascrach, mar gur cháin sé na tiarnaí talún neamhchónaitheacha agus gur fhoilsigh sé a n-ainmneacha agus a n-ioncam.[1]

Rinne sé iarracht leas na hÉireann a chur chun cinn trí gach craobh fearachais agus déantúsaíochta, agus bhí sé ina rúnaí ar Chumann Bhaile Átha Cliath ó bhunaíodh é.

Tar éis athchóiriú seomraí chomhaltaí an chumainn sin sa bhliain 1994, tugadh Seomra Thomas Prior ar an gceann is mó agus is galánta, ina bhfuil dealbh bhrád de le John Van Nost Óg. Tá cuimhneachán dó in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath chomh maith leis an inscríbhinn,

''Cuireadh an leacht seo do Thomas Prior, Uas. ... chun onóir a thabhairt do chuimhne an tírghráthóra sin, a chuir a fhírinneacht, a ghníomhartha agus a dhianiarracht faoi sheirbís a thír leacht níos buaine ná marmar suas'' (''This monument was erected to Thomas Prior Esq. ... to honour the memory of that worthy patriot, to whom his veracity, actions and ... endeavours in the service of his country have raised a monument more lasting than marble'').

Tagairtí cuir in eagar

Leabharliosta cuir in eagar

  • Brian Lalor, The Encyclopaedia of Ireland, Gill & Macmillan (Baile Átha Cliath, 2003), ISBN 0-7171-3000-2