Timo K. Mukka

scríbhneoir Fionlannach

Údar Fionlannach a bhí i Timo Kustaa Mukka (17 Nollaig 1944 – 27 Márta 1973) a scríobh faoi shaol na ndaoine sa Laplainn .

Infotaula de personaTimo K. Mukka

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fi) Timo Kustaa Mukka Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Nollaig 1944
Bollnäs, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 1973
28 bliana d'aois
Rovaniemi, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcademy of Fine Arts of Helsinki (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, file, scríbhneoir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkirjasto.sci.fi… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0611602 Musicbrainz: d4630a28-b354-48fc-a052-fd3405943271 Discogs: 1117030 Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh Timo Mukka i mBollnäs sa tSualainn áit a raibh a theaghlach aslonnaithe le linn Chogadh na Laplainne. Chaith sé a óige i sráidbhaile Orajärvi i mbardas Pello i dtuaisceart na Fionlainne. Den chuid is mó, bhí Críostaithe Laestadianist agus cumannaithe ina gcónaí sa sráidbhaile, rud a chuaigh i bhfeidhm ar fhorbairt cruinneshamhlacha Mhukka.

Nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, tholg sé meiningíteas agus cé gur tháinig sé slán ón tinneas, d'fhulaing sé tinneas cinn troma as seo go ceann ceithre bliana. Le linn an ama sin d'athraigh a phearsantacht ó bhonn agus rinne sé iarracht fiú lámh a chur ina bhás féin.

Gairm bheatha agus saol níos déanaí

cuir in eagar

Thosaigh sé ag scríobh agus gan é ach trí bliana déag d'aois, agus ní raibh fiche bliain slánaithe aige nuair a bhí a chéad úrscéal, “Maa on syntinen laulu” (Gaeilge: "Is amhrán peacach é an talamh"), le feiceáil i gcló. Rinne sé cur síos ar an mbochtaineacht sa Laplainn chomh maith le peirspictíochtaí cúnga a mhuintire, agus mar sin, ba bheag aird a bhí ag a chomharsa ar a chuid saothar ná ar an bhfear féin. [1]

Fuair sé bás de thaom croí gan é ach ocht mbliana is fiche d'aois.