Tiobraid Árann Thuaidh (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 3 suíochán é Tiobraid Árann Thuaidh. In 2024, bhí Tiobraid Árann roinnte ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Dáilcheantar cúig shuíochán a bhí ann in 2020.
Tiobraid Árann Thuaidh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Thiobraid Árann | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1948 | ||||
Díscaoileadh | 2016 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Síneann an dáilcheantar ó Dhurlas Éile ó thuaidh go Ros Cré agus Aonach Urmhumhan chomh fada le bruach na Sionainne. Bhí cuid d’iarthar Chill Chainnigh timpeall ar Áth na nUrlainn curtha leis in 2024, limistéar ina raibh thart ar 4,000 vóta.
Toghcháin
cuir in eagar2011 (3 suíochán)
Toghadh Michael Lowry (Nspl), Alan Kelly (LO) agus Noel Coonan (FG)
2020 (5 suíochán)
Michael Lowry (Nspl) a bhí ar bharr an chomhairimh in 2020 agus in 2016 nuair a bhí an contae ar fad ina dháilcheantar amháin. I dtuaisceart an chontae atá a bhunáit tacaíochta, ó chuir Fine Gael cosc air seasamh in olltoghchán 1997 de bharr líomhaintí tromchúiseacha a rinneadh nuair a bhí sé ina Aire i rialtas John Bruton.[1]
2024 (3 suíochán)
In Aonach Urmhumhan atá Alan Kelly (LO) lonnaithe agus bhí sciob sceab ar vótaí sa mbaile sin idir é féin agus Michael Smith Óg, FF (is mac é Michael Smith Óg leis an iarAire Michael Smith Mór, a raibh suíochán aige ar feadh na mblianta).
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Ryan O'Meara (FF)[2] agus atoghadh Michael Lowry (Nspl) agus Alan Kelly (LO).[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
- ↑ an Comhairleoir Ryan O’Meara (FF) as Aonach Urmhumhan a toghadh in 2024 den chéad uair ar an gComhairle Contae le 1,822 vóta.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-29). "Tipperary North - your updates" (as en).