Tokála Luta
aisteoir Meiriceánach (1870-1976)
Taibheoir, aisteoir, agus abhcóide cearta Indiach Suach, a rugadh ar an tearmann Indiach ag Pine Ridge i gCríoch Dakota ab ea Tokála Luta (Gaeilge: An Taoiseach, Sionnach Rua ). Nia le ceannaire cogaidh clúiteach na Suach, Thasuka Witco, ab ea é. Measadh go raibh Tokála Luta mar údarás ar an sléacht stairiúil sin Cath an Little Bighorn. Ba mhinic a chuimhnigh sé ar an lá sa bhliain 1876 nuair a d'fhág 4000 dá mhuintir Críoch Dakota do ghleann an Little Bighorn i Montana ar thóraíocht buabhaill. Deir sé gur fágadh ina dhiaidh é leis na páistí, mná agus na seanfhir, 10 míle ón áit ar sléachtadh díorma an Ghinearáil George Custer.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Meitheamh 1870 |
Bás | 1976 105/106 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir |
Teangacha | Béarla |