Tomás Ó Néill Ruiséal

scríbhneoir Éireannach, comhbhunaitheoir Chonradh na Gaeilge

B'údar Éireannach é Tomás Ó Néill Ruiséal (1828–1908) a aithnítear go forleathan mar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. Bhí tionchar mór aige ar an nGaelachas sa 19ú haois.

Infotaula de personaTomás Ó Néill Ruiséal
Beathaisnéis
Breith1828
An Móta Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1908
79/80 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é sa Mhóta, Contae na hIarmhí, mac do Joseph Russell, feirmeoir agus ball de Chuallacht na gCairde. Bhí spéis aige sa Ghaeilge ó na 1850idí ar aghaidh. Chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe i 1867 agus d'fhill sé ar Éirinn i 1895.

Léirigh sé a thiomantas chun an Ghaeilge a athbheochan i mBaile Átha Cliath trí aistí agus léachtaí a eagrú. Is mar thoradh ar a chuid iarrachtaí chun bród a chothú i measc na nÉireannach as a dteanga agus a gceol ársa a bunaíodh Conradh na Gaeilge i 1893 agus an chéad Fhéile Cheoil i 1897.

Fuair Ruiséal bás ar an 15 Meitheamh 1908, i Sráid Synge, Baile Átha Cliath, agus cuireadh é i Reilig Chnocán Iaróm.

Cuireadh roinnt saothair liteartha de chuid Ruiséil i gcló, lena n-áirítear:

  • The Adventures of Dick Massey, or the Battles of a Boy (Baile Átha Cliath: James Duffy 1860; Gill, eagrán nua 1908)
  • True Heart’s Trials, a Tale of Ireland and America (Baile Átha Cliath: M .H. Gill 1872; aphr. 1910)
  • Red Hugh, Or the Life and Death of Hugh Roe O’Donnell, Lord of Tyrconnell (Baile Átha Cliath: M. H. Gill 1905).

Tagairtí cuir in eagar