Tove Skutnabb-Kangas

teangeolaí Fionlannach

Teangeolaí agus oideachasóir Fionlannach ab ea Tove Skutnabb-Kangas (a rugadh ar an 6 Iúil 1940 i Heilsincí na Fionlainne í agus a fuair bás ar an 29 Bealtaine 2023 i Lund na Sualainne). Bhí cáil uirthi as a cuid taighde ar mhionteangacha, an dátheangachas, agus cearta teanga.

Infotaula de personaTove Skutnabb-Kangas

(2007) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Iúil 1940
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Bealtaine 2023
82 bliana d'aois
Lund, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an tSualainnis agus an Fhionlainnis
Teaghlach
CéileRobert Phillipson Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCaspar Phillipson Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáintove-skutnabb-kangas.org Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis di oideachas scoile a fháil i Heilsincí, d’oibrigh sí ar feadh tamaill ghairid sa choláiste oiliúna múinteoirí. I 1967 agus 1968 bhí sí sna Stáit Aontaithe, áit ar oibrigh sí i Roinn na dTeangacha Nordacha in Ollscoil Harvard. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí ar feadh tamaill mar mhúinteoir i Heilsincí. Ó 1970 i leith, bhí sí ina heolaí in ollscoileanna san Fhionlainn agus sa Danmhairg. Fuair sí a céad chéim dhochtúireachta i Heilsincí sa bhliain 1976; [1] ba é an dátheangachas ábhar a tráchtais. Ó 1995 go 2000, mhúin sí in Ollscoil Roskilde sa Danmhairg, áit a raibh sí ina haoithaighdeoir ó 1979 go 2007. As sin go dtí a bás, bhí sí ina hollamh gradaim.[2]

Staidéar ar choinníollacha an dátheangachais ab ea an príomhábhar taighde aici. I dtús na 1980idí, d'fhorbair sí coincheap ar ar thug sí linguicism (“teangamharú”, nó “teangaicíd”) — leatrom in aghaidh teangacha mionlaithe. Cháin sí an fhaillí a dhéantar i dtacaíocht a thabhairt do pháistí a labhraíonn máthairtheangacha nach bhfuil dúchasach sa tír ina bhfuil cónaí orthu (mar shampla leanaí le Tuircis sa Ghearmáin) chomh maith le hísliú stádas an dátheangachais. Thug Kangas an sainmhíniú seo ar an teangaicíd: “idé-eolaíochtaí agus struchtúir a úsáidtear chun roinnt éagothrom cumhachta agus acmhainní (idir ábhartha agus neamhábhartha) idir grúpaí a shainmhínítear ar bhonn teanga a dhlisteanú, a chur i bhfeidhm agus a chothú.”[3]

Sa bhliain 2000, foilsíodh leabhar dar teideal “Rights to language: equity, power and education; celebrating the 60th birthday of Tove Skutnabb-Kangas”, curtha in eagar ag Robert Phillipson.[4]

  • "Bilingualism or not - the education of minorities" (1981). Multilingual Matters. ISBN 0-905028-17-1. 
  • "Minority education: from shame to struggle" (1988). Multilingual Matters. ISBN 1853590037. 
  • "Language, Literacy and Minorities" (1990). The Minority Rights Group. ISBN 0946690782. 
  • "Linguistic Human Rights. Over-coming linguistic discrimination. Contributions to the Sociology of Language 67" . Mouton de Gruyter. ISBN 3-11-014878-1.  (478 leathanach).
  • "Multilingualism for All. Series European Studies on Multilingualism" (Eanáir 1995). Swets & Zeitlinger. ISBN 90-265-1423-9. 
  • "Language: A Right and a Resource. Approaching Linguistic Human Rights" (Eanáir 1999). Central European University Press. ISBN 963-9116-64-5. 
  • "Linguistic genocide in education? or worldwide diversity and human rights?" (2000). Lawrence Erlbaum Associates. ISBN 0-8058-3468-0. 
  1. 2003 Award” (en-GB). Linguapax International (2016-12-14). Dáta rochtana: 2018-12-17.
  2. TOVE Anita SKUTNABB-KANGAS dr.phil.
  3. Quoted in Skutnabb-Kangas, Tove, and Phillipson, Robert, "'Mother Tongue': The Theoretical and Sociopolitical Construction of a Concept." In Ammon, Ulrich (ed.) (1989). Status and Function of Languages and Language Varieties, p. 455. Berlin, New York: Walter de Gruyter & Co. ISBN 3-11-011299-X.
  4. Phillipson (2000). "Rights to language: equity, power and education; celebrating the 60th birthday of Tove Skutnabb-Kangas". ISBN 978-0-8058-3835-0.