Trá na hUíne, Ciarraí

trá i gContae Chiarraí

Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta i gContae Chiarraí is ea Inbhear na hUíne agus Bá na Scealg de réir Threoracha Gnáthóige an AE, áit a bhfuil Trá na hUíne.[1] Ó thuaidh den trá gheofar riasc goirt, gnáthóg cósta atá faoi chosaint. Tá dhá shaghas riasc goirt ar an Uíne, riasc goirt na Meánmhara ina bhfuil Meathán Mara (Juncus maritimus) agus riasc goirt an Atlantaigh atá fé smacht ag an Rabhán (Armería marítima) agus ag an bhFéar Muirisce (Puccinellia marítima). Maireann Lus na bPeiteal (Petalophyllum ralfsii), speiceas aelusa neamhghnách, sna dumhcha le hais bhéal an inbhir. Tá an planda seo faoi chosaint fud fad na hEorpa. Tá líon áirithe den rón glas ag maireachtaint sa bhá.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTrá na hUíne, Ciarraí
CineálTrá Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1394537 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinImleach na Muc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51°50′57″N 10°13′01″W / 51.8493°N 10.217°W / 51.8493; -10.217

Tagairtí cuir in eagar