Dún Rómhánach a bhí i Traiectum, ar theorainn Impireacht na Róimhe in Germania Inferior. Faigheann Utrecht a ainm ó hiarsmaí an dúin i lár Utrecht, san Ísiltír.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTraiectum
Íomhá
CineálCastellum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLower German Limes (en) Aistrigh
Frontiers of the Roman Empire — The Lower German Limes (Netherlands) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinGermania Inferior, An tSean-Róimh (en) Aistrigh agus Utrecht, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 05′ 26″ N, 5° 07′ 18″ E / 52.09069°N,5.12164°E / 52.09069; 5.12164
Tréithe
Cuid de Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO
Am2021 (44ú Seisiún)
Aitheantóir1631-019
Rijksmonument (en) Aistrigh  
Am20 Meitheamh 1967

San Impireacht Rómhánach bhí Traiectum ar cheann de na dúnta i línte (limes) cosanta ar teorann na Gearmáine. Shainmhínigh an tImpire Claudius an Réine síos an abhainn ó Bhonn mar chuid thiar den teorainn. D’ordaigh sé do na léigiún níos faide ó thuaidh tarraingt siar go dtí an líne seo, a neartaíodh sa bhliain AD 47. Scoilteann an Réin i roinnt brainsí san Ísiltír. Roghnaigh an t-arm an brainse ar a luíonn Utrecht na linne seo mar theorainn.

Sa bhliain AD 69-70 bhí Gaius Iulius Civilis i gceannas ar éirí amach na mBatavi nuair a dhódh an dún. Chuir saighdiúir nó oifigeach amháin a shábháil caoga bonn óir faoi thalamh faoin am seo. Fuair seandálaithe iad faoi bhun na sraithe adhmaid dhóite. Nuair a d’athbhunaigh na Rómhánaigh a n-údarás sa réigiún d’athóg siad an dún, arís as adhmad. Bhí foireann de thart ar 500 trúpaí sa dún. [1] Ó stampaí tíl is cosúil gur ó AD 88-89 go dtí 275 a bhí foireann an dúin ag cohors II Hispanorum peditata, buíon coisithe cúnta d'arm na Róimhe Impiriúil.

  1. Utrechts Archief.