Míol cinn
(Athsheolta ó Treaghdán)
Is eictisheadán éigeanta daonna é an míol cinn. Tá Pediculus humanus capitis mar ainm Laidine air agus idir treaghdán, babhdaí, babhdán agus búdaí mar ainm Gaeilge air.
Pediculus humanus capitis | |
---|---|
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Phthiraptera |
Fine | Pediculidae |
Géineas | Pediculus |
Speiceas | Pediculus humanus |
Fospeiceas | Pediculus humanus capitis De Geer, 1767 |
Feithid an-bheag gan sciatháin is ea an míol seo a chaitheann a shaol go léir ar phlait (.i. ar chraiceann chinn) an duine agus bíonn sé beo ar fhuil an duine amháin. Ní heol dúinn ach go bhíonn an duine daonna amháin mar ainmhí óstach na feithide, cé go mbíonn an chuid is mó d'ord speiceas mamach agus éan inmhíolaithe ag speicis míolta eile.