Is cnuasach ilchineálach de 256 tré Sean-Ghaeilge is ea Trecheng Breth Féne, "Trí-cheann (tré) Bhreith(iúnas) Féin (na nGael)". Faightear mar ábhair ann an nádúr, tíreolaíocht, dlí, nósanna agus iompraíocht. Meastar gur dhiolaimiodh an stair sa 9ú haois.[1]

Tá lear mór ábhar sna tréanna:

Níl ann ach meascra sa chuid eile.

Níl ach 214 den 256 i bhfoirm thréchinn. Tá trí dhócheann, seacht gceithrecheann, aon naoicheann amháin. Níl ann ach abairtín amháin sna 31 iontrálacha mainistreach.[2]

Seo a leanas mar shampla Trécheann 91:

Trí gena ata messu brón:
gen snechta oc legad,
gen do mná frit íar mbith fhir aili lé,
gen chon fholémnich.

Trí ghean atá measa brón:
gean sneachta ag leá,
gean do mhná ort iar fear eile bheith léi,
gean chon fholéimnigh.[3]

Lámhscríbhinní

cuir in eagar
  • Leabhar Buí Leacáin (LBL), col. 236 ff, lch. 414b-418a (CnT, Baile Átha Cliath: H 2.16). Iomlán.
  • Leabhar Bhaile an Mhóta (LBM), ff. 65b-66b (ARÉ, BÁC: 23 P 12).
  • Leabhar Uí Mhaine, f. 190a1-191a2. Iomlán.
  • Leabhar Mór Leacáin (LML), ff. 183b-184b (CnT, BÁC: H 2.17).
  • LS páipéir scríofa ag Tadhg Tiorthach Ó Neachtain sa bhliain 1745, ll. 98–101 (ARÉ, BÁC: 23 N 10),
  • LS páipéir scríofa sa bhliain 1575, ll. 946–957 (CnT, BÁC: H 1.15)
  • LS scríofa ag Domnall ó Duind Mac Eimuinn sa bhliain 1714, ff. 1a-7b (ARÉ, BÁC: Stowe 23 N 27)
  • droch-chóip truaillithe scríofa ag Peter O'Longan sa 1836 (Rylands Library, Manchester).
  • LS Kilbride III, f. 9b2 (Advocates Library, Dún Éadain). Párpháipéar.

Níl ann fós ach an t-aon eagrán amháin foilsithe ag Kuno Meyer sa bhliain 1906. Tá an téacs bhunaithe ar sé lámhscríbhinn (LBL, LBM, Uí Mhaine, LML, 23 N 10 AGUS H 1.15) agus bhí sé ar an eolas faoi thrí eile (23 N 27, cóip Ryland agus Kilbride).[4] Deir Fergus Kelly gur thángthas ar cheithre leagan eile ón am sin agus dá bharr tá eagrán nua de dhíth.[5]

Bunaithe ar fhianaise teangeolaíochta, mheas Meyer nár scríobhadh na tréanna tar éis na bliana 900 AD. Agus i dteannta sin le fianaise roinnt díochlaontaí sa téacs, meas sé nach raibh siad níos sine ná c. 850 A.D.[6]

  • Meyer, Kuno, ed. (1906), "The Triads of Ireland", Todd Lecture Series (in Béarla and Gaeilge), Hodges, Figgis, & Co, Baile Átha Cliath; Williams & Northgate, Londain, no. 13
  • Kelly, Fergus (2004), "Sir John Rhys Memorial Lecture. Thinking in Threes: The Triad in Early Irish Literature", Proceedings of the British Academy, 125: 1–18, www.britac.ac.uk taifead fuaime
  • Sims-Williams, Patrick (1978), "Thought, Word and Deed: an Irish Triad", Ériu, 29: 78–111, JSTOR 30007767

Sa lá inniu ann

cuir in eagar
  • Feictear scigaithris ar an bhfoirm san úrscéal le Flann O'Brien, At Swim-Two-Birds (1939).
  • An illustrated adaptation of selected Triads specially designed as gift book or for children: Fergus Kelly (introduction), Aislinn Adams (illustrator). The Three Best Things. Appletree. 1994.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Kelly 2004, p. 2.
  2. Kelly 2004, pp. 1–3.
  3. Meyer 1906, ll. 12-3.
  4. Meyer 1906, introduction.
  5. Kelly 2004, lch. 1.
  6. Meyer 1906, p. x.