Ceantar i gCúige Uladh ab ea Triantán an Mhurdair, a raibh míchlú air i rith na dTrioblóidí, ó bhí a lán dúnmharuithe seicteacha agus polaitiúla idir lámhaibh ag na grúpaí paraimíleata éagsúla ansin, chomh maith le hArm na Breataine agus Constáblacht Ríoga Uladh. Bhí cuid den Triantán suite in Oirthear Thír Eoghain, cuid eile i nDeisceart Chontae Dhoire agus cuid eile fós i dTuaisceart Chontae Ard Mhacha.