Tharla timpiste thraenach Tempi ar 28 Feabhra 2023 sa Ghréig ; maraíodh 57 duine agus gortaíodh 85 nuair a ghread traein lastais agus traein paisinéirí in éadan a chéile faoi mhórluas.[1] Bhí go leor daoine óga – mic léinn a mbunáite – i measc na marbh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuairt traenach Tempi
Map
 39°50′54″N 22°31′00″E / 39.848469°N 22.516643°E / 39.848469; 22.516643
Cineáltuairt traenach
raic traenach
tul-imbhualadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Feabhra 2023 (23:24. Am Oirthear na hEorpa) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhEvangelismos, An Ghréig (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Tempi Municipality, An Ghréig (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Connecting line (en) AistrighPiraeus-Platy railway (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe imeachtaan Aithin, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
CríochphointeTeasaloinicé, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirHellenic Train (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisearráid dhaonna Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna íosmhéid 57 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe íosmhéid 85 Cuir in eagar ar Wikidata
Inneall traenach HellasSprinter (uimhir 120 023 scriosta)

An timpiste cuir in eagar

carráiste Siemens/Bombardier UIC-Z1

Bhí an traein paisinéirí ar a bealach ón Aithin go Teasaloinicé i dtuaisceart na Gréige ag an am, agus 350 paisinéir ar an traein. Bhí an traein lastais ar a bealach ó Theasalóinicé go Larissa. Is i ngleann soir ó thuaidh ó chathair Larissa i lár na tíre a tharla an tubaiste.

Chuaigh an chéad cheithre charráiste den traein paisinéirí de na ráillí de bharr an bhrúscáin. Chuaigh ansin an chéad dá charráiste trí thine agus gur bheag nár scriosadh go huile agus go hiomlán iad.[1]

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí máistir stáisiúin Larissa gafa agus cúisithe ag na póilíní maidir leis an tubaiste. Bhí sé curtha ina leith gurbh é a mhórfhaillí ba chionsiocair le bás an 57 duine. Ach mhaígh sé féin gur fabht teicniúil ba chúis leis an tionóisc. Ar 1 Márta 2023, d'éirigh Kostas Karamanlis,[2] Aire Iompair na Gréige as oifig ós air a bhí an fhreagracht pholaitiúil as cúrsaí iarnróid. D'admhaigh Rialtas na Gréige go raibh faillí déanta le rófhada i mbainistiú ghréasán iarnróid na tíre.[3] Dhearbhaigh an rialtas go bhfiosrófaí, i bhfianaise na tubaiste, cén fáth a raibh an oiread moille ar oibreacha feabhsúcháin ar an iarnród.

Cúlra cuir in eagar

Dhíol Rialtas na Gréige comhlacht iarnróid an stáit le comhlacht stáit na hIodáile (Ferrovie dello Stato Italiane) in 2017 le súil go n-infheisteofaí na céadta milliún euro i gcúrsaí bonneagair. Ach sa bhliain 2023, bhí córas iarnróid na Gréige seanchaite fós agus géarghá lena nua-aoisiú.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-03-01). "36 duine maraithe i dtimpiste traenach sa Ghréig" (as ga-IE). 
  2. "Kostas Karamanlis (politician, born 1974)" (as en) (2023-03-02). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-03-02). ""Faillí déanta le rófhada i mbainistiú chóras iarnróid na Gréige"" (as ga-IE).