Tuathal Balbh Ó Gallchóir
Saighdiúir agus agus tiarna ab ea Tuathal Balbh Ó Gallchóir sa 16ú haois (? - 1 Feabhra 1541). Bhí sé ar na daoine ba chumhachtaí de mhaithe Thír Chonaill. Deir na hAnnála gur shaoi é.
Murab ionann is formhór thiarnaí na hÉireann, ghéill sé do theagasc na hEaglaise i dtaca le dortadh fola, cé gur iomaí cath a raibh sé páirteach iontu. B’fhearr leis bránna (i.e. gialla) a thabhairt leis ná ár a dhéanamh. Chuaigh seanmóir bráthar go mór i bhfeidhm ar Thuathal Balbh agus é óg, más fíor do na hAnnála, agus chloígh sé leis an teagasc sin go deireadh a shaoil.
Bhí muintir Ghallchóir le fáil timpeall Ráth Bhoth agus Thír Aodha in oirthear Dhún na nGall agus ba iad lucht tí na nDomhnallach iad. Bhí baint ag príomhchraobh na muintire le Baile na Glaice.[1]
- (Annála na gCeithre Máistrí, 1541) Tuathal Balbh mac Sheáin mhic Ruairí Uí Ghallchobhair, saoi duine a bhí ar theannmhaithibh oireachta Thíre Conaill a d'éag (1 Februarii), fear ba mhaith gal agus gaisce gan go marbhadh nó go mudhadh[2] daoine, mar ní dheachaigh sé i dtroid nó i dtachar[3] nach mbíodh bránna leis. Ba sea faoi deara dó sin go raibh sé araile aimsir[4] ina óige ag éisteacht le seanmóir agus le proiceipt bráthar sonrach do bhráithribh Dhúin na nGall, agus do chuala á phriodchadh[5] nár mhaith do rochtain fochraige[6] daoine do mharbhadh ná dortadh a bhfola, gonadh aire sin[7] do chinn sé ina mheanmain gan goin duine, agus do chomhaill de ghréas[8] insan gcéin do ba bheo.[9]
Nótaí
cuir in eagar- ↑ MacLysaght, Edward (1957). "Irish Families, Their Names, Arms and Origins": 153–154. Dublin: Hodges, Figgis & Co.
- ↑ go scriosadh
- ↑ i gcomhrac
- ↑ am áirithe
- ↑ seanmóir á tabhairt
- ↑ nach raibh tairbhe le baint as
- ↑ dá bhrí sin
- ↑ i gcónaí
- ↑ CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1541.5: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.