Tubaiste Aberfan
Tugtar Tubaiste Aberfan ar sciorradh talún a tharla ar an 21 Deireadh Fómhair 1966 in Aberfan na Breataine Bige (i gContae Morgannwg ag an am, i mbuirg Merthyr Tudful anois). Maraíodh 144 duine sa tubaiste, le 116 leanbh san áireamh.
| ||||
Cineál | timpiste mianadóireachta | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 21 Deireadh Fómhair 1966 | |||
Suíomh | Aberfan, Wales | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Cúis | tuile | |||
Líon básanna | 144 | |||
Imscrúduithe ag | Edmund Davies, Baron Edmund-Davies agus Binse Breithimh Thubaiste Aberfan | |||
Meán cumarsáide | ||||
Ar an Aoine an 21 Deireadh Fómhair 1966, ag 9:15 ar maidin, shleamhnaigh carn guail ó áit oibre uimhir a seacht síos le fána na gcnoc os cionn an tsráidbhaile. Adhlacadh Bunscoil Pantglas agus fiche teach agus teach feirme. Maraíodh 144 duine, 116 leanbh san áireamh, an chuid is mó acu idir 7 agus 10 mbliana d’aois. Maraíodh cúigear múinteoirí sa tubaiste freisin. Níor tháinig ach cuid de dhaltaí na scoile slán as.
Bhí carraigeacha ó mhianach áitiúil i gcarnán dramhghuail ag barr an tsléibhe. Bhí na daltaí go díreach tar éis seirbhís na maidine a fhágáil sa halla, áit ar chan siad “All Things Bright and Beautiful” nuair a chuala siad torann ard taobh amuigh. Bhí na seomraí ranga suite ar thaobh an sciorrtha talún.
Ní dheachaigh an Tiarna Robens de Woldingham, cathaoirleach an Bhoird Náisiúnta Guail, go dtí suíomh na tubaiste ar an lá; ina ionad sin, ceapadh é ina Sheansailéir ar Ollscoil Surrey tráthnóna Dé hAoine. Tharraing sé conspóid níos déanaí nuair a dúirt sé nach bhféadfaí aon rud a dhéanamh chun an sciorradh talún a sheachaint.
Chuir coiste fiosrúcháin an milleán ar an mBord Náisiúnta Guail, agus ordaíodh dó cúiteamh £500 in aghaidh gach linbh a íoc le teaghlaigh na marbh. Fuarthas amach go raibh an carn guail ag dul faoi uisce le roinnt míonna anuas, ach ní dhearnadh aon rud chun an fhadhb a réiteach. Dúradh gur mhéadaigh an t-uisce sa charn ag barr an tsléibhe, agus gurbh é sin ba chúis leis an dramhaíl a shreabhadh síos an sliabh. In 1958 bhí an carn suite ar shruthán beag agus tharla sciorrthaí talún roimh an tubaiste mhór in 1966. Bhí a fhios ag bainisteoirí agus lucht oibre an mhianaigh nach raibh an carn cobhsaí, ach is beag a rinneadh faoi. Glanadh Comhairle Buirge Merthyr Tudful agus Aontas Náisiúnta na Mianadóirí as aon éagóir. Níor cuireadh pionós ar aon fhostaí de chuid an Bhoird Náisiúnta Guail, agus níor cailleadh éinne a phost.
Léirigh an pobal a gcomhbhrón trí airgead a bhronnadh, gan a fhios acu cá rachadh an t-airgead. Laistigh de chúpla mí, fuarthas beagnach 90,000 ranníocaíocht, níos mó ná £1.6 milliún san iomlán[1] (2008: £21.4m).[2] B'ábhar conspóide é an tslí a ndearnadh bainistiú ar an airgead seo thar na blianta; baineadh úsáid as cuid den airgead chun an damáiste a rinne an tubaiste a ghlanadh, cé gur chreid mórán daoine gur chóir don Bhord Guail na costaisí sin a chlúdach.
Tar éis roinnt achomharc a dhéanamh, úsáideadh cuid den chiste chun an chuid eile den charn guail a dhéanamh sábháilte, agus sheachain an Bord Náisiúnta Guail an costas iomlán a bhain leis an nglanadh a íoc. D’aisíoc rialtas an Lucht Oibre £150,000 in 1997, ach dá gcuirfí boilsciú san áireamh bheadh an tsuim sin gar do £2 mhilliún.<ref name="InflationCalc/">
Dúnadh an mianach in 1989.
I mí Feabhra 2007, d’fhógair Rialtas an Tionóil ranníocaíocht de £2 mhilliún do Chiste Cuimhneacháin Thubaiste Aberfan, mar chúiteamh don airgead a fuair an rialtas sa tréimhse díreach i ndiaidh na tubaiste.
Ar an 21 Deireadh Fómhair 2016 ag 9:15 r.n., díreach leathchéad bliain ó tharla an tubaiste, reáchtáladh nóiméad ciúnais náisiúnta chun cuimhneamh ar an tubaiste.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “copi archif”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-25. Dáta rochtana: 2011-11-30.
- ↑ “This is Money”.