Tuile San Lucia (1287)
Taoide stoirme[1] ab ea Tuile San Lucia, a tharla ar an 13/14 Nollaig 1287. Scriosadh an Fhreaslainn. Áirítear go dtí an lá inniu mar an cúigiú tuile is measa i stair na cruinne.[2]
Cineál | borradh stoirme |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Naomh Liúsaidh |
Tréimhse | 13 - 14 Nollaig 1287 |
Suíomh | Biochta na Gearmáine |
Tír | an Ísiltír |
Líon básanna | ± 50,000 |
Cúlra
cuir in eagarI lár na Meánaoiseanna, bhí an domhan ag téamh agus bhí leibhéal na farraige ag ardú.
Nollaig 1287
cuir in eagarTuaisceart na hÍsiltíre agus iarthuaisceart na Gearmáine a buaileadh. Meastar gur bádh idir 50,000 agus 80,000 duine.
Bádh na mílte ciliméadar cearnach talún, na hoileáin amach ó chósta thuaidh na hÍsiltíre agus na Gearmáine san áireamh, agus amach ó chósta thiar na Danmhairge fiú. Roimh Thuile San Lucia, níorbh ann don Waddenzee, an fharraige a scarann na hoileáin ón mórthír. Ná níorbh ann don Zuiderzee – nó an IJsselmeer mar a thugtar air anois – an mhuirloch mhór mhillteanach a scarann an Fhreaslainn, i dtuaisceart na hÍsiltíre, ón Ollainn, in iarthar na tíre.[2] Scar an Tuile an Fhreaslainn ón Ollainn fiú.
Iarmhairtí
cuir in eagarBhí tionchar mór millteach teangeolaíochta aici. Rinne Tuile San Lucia mionteanga den Fhreaslainnis. Sular an tubaiste timpeallachta sin, ba Fhreaslainnis – agus ní Ollainnis – a labhraíodh in iarthar na hÍsiltíre ar fad. Murach an slad a rinne an fharraige ar lucht labhartha na Freaslainnise agus murach an teorannú fisiciúil a rinneadh orthu mar phobal, Freaslainnis a bheadh á labhairt sa chuid is mó den Ísiltír inniu.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Storm tides of the North Sea" (as en) (2020-12-01). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 https://tuairisc.ie/comhaontu-aeraide-pharas-agus-an-ghaeilge/.+"Comhaontú Aeráide Pháras agus an Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-14.