Borradh stoirme
Ardú leibhéal na farraige go háitiúil, nuair a bhíonn gaotha ag séideadh i dtreo an chladaigh agus laghdú brú san atmaisféar de bharr stoirme.
Déantar an chuid is mó den dochar ó thuilte i stoirmeacha gaoithe, tíofúin is stoirmeacha móra eile trí bhorradh stoirme.
Tubaistí
cuir in eagar- Ar feadh cóstaí na hIndia is na Síne, maraíodh na céadta míle mar gheall ar bhorrthaí stoirme.
- Tharla an borradh is milltí sa taobh seo den Domhan sa Mhuir Thuaidh i ngeimhreadh 1953 nuair a d'éirigh leibhéal na farraige 3 m ar chósta na hOllainne.
- Oíche na Gaoithe Móire in Éirinn: Ba spéirling a shéid trasna na hÉireann gan rabhadh an 6 Eanáir 1839 í. Fuair idir 250 agus 300 duine bás is cosúil.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Borradh stoirme". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 85.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |