Taoide stoirme[1] ab ea Tuile San Lucia, a tharla ar an 13/14 Nollaig 1287. Scriosadh an Fhreaslainn. Áirítear go dtí an lá inniu mar an cúigiú tuile is measa i stair na cruinne.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuile San Lucia
CineálBorradh stoirme Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNaomh Liúsaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse13 - 14 Nollaig 1287
SuíomhBiochta na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ± 50,000 Cuir in eagar ar Wikidata


Watersnood, 1809

Cúlra cuir in eagar

I lár na Meánaoiseanna, bhí an domhan ag téamh agus bhí leibhéal na farraige ag ardú.

 
Tuile 1717

Nollaig 1287 cuir in eagar

Tuaisceart na hÍsiltíre agus iarthuaisceart na Gearmáine a buaileadh. Meastar gur bádh idir 50,000 agus 80,000 duine.

 
Tuile Burchardi, 1634

Bádh na mílte ciliméadar cearnach talún, na hoileáin amach ó chósta thuaidh na hÍsiltíre agus na Gearmáine san áireamh, agus amach ó chósta thiar na Danmhairge fiú. Roimh Thuile San Lucia, níorbh ann don Waddenzee, an fharraige a scarann na hoileáin ón mórthír. Ná níorbh ann don Zuiderzee – nó an IJsselmeer mar a thugtar air anois – an mhuirloch mhór mhillteanach a scarann an Fhreaslainn, i dtuaisceart na hÍsiltíre, ón Ollainn, in iarthar na tíre.[2] Scar an Tuile an Fhreaslainn ón Ollainn fiú.

Iarmhairtí cuir in eagar

Bhí tionchar mór millteach teangeolaíochta aici. Rinne Tuile San Lucia mionteanga den Fhreaslainnis. Sular an tubaiste timpeallachta sin, ba Fhreaslainnis – agus ní Ollainnis – a labhraíodh in iarthar na hÍsiltíre ar fad. Murach an slad a rinne an fharraige ar lucht labhartha na Freaslainnise agus murach an teorannú fisiciúil a rinneadh orthu mar phobal, Freaslainnis a bheadh á labhairt sa chuid is mó den Ísiltír inniu.[2]

 
Zuider Zee, 1 haois - 10ú haois

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Storm tides of the North Sea" (as en) (2020-12-01). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 https://tuairisc.ie/comhaontu-aeraide-pharas-agus-an-ghaeilge/.+"Comhaontú Aeráide Pháras agus an Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-14.