Uilleam Dubh MacLeòid
Meastar gurb é Uilleam Dubh MacLeòid (c. 1415–1480) an seachtú ceann feadhna ar Chlann MhicLeòid. Ceaptar gur mac níos óige ba ea é, ach mar gheall ar bhás a dhearthár ba shine, tháinig Uilliam Dubh i gcomharbacht ar a athair, Iain Borb, sa bhliain 1442. Seanfhear ab ea Uilliam Dubh nuair a maraíodh é, agus é i gceannas ar a chlann, ag Blàr Bàgh na Fala i 1480. Ba é an ceann feadhna MhicLeòid deireanach é a adhlacadh ar Ì Chaluim Chille (Í Cholm Cille). Tháinig a mhac, Alasdair Crotach, i gcomharbacht air.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1415 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 1480 (Féilire Ghréagóra) 64/65 bliana d'aois Tobar Mhoire |
Áit adhlactha | Í Chaluim Chille |
Teaghlach | |
Céile | unknown daughter Maclean (en) |
Páiste | Alasdair Crotach MacLeòid |
Athair | Iain Borb MacLeod agus unknown Douglas (en) |
Saol
cuir in eagarComharbas
cuir in eagarDe réir R.C. MacLeod staraí na gclann san luath 20ú haois, rugadh Uilliam Dubh timpeall na bliana 1415. Ba mhac é le ceann feadhna Chlann MhicLeòid Iain Borb.