Uilleam I na hAlban
Bhí Uilleam mac Eanraig (nó Uilliam mac Eanric sa Mheán-Ghaeilge) ar a dtugtar an leasainm Garbh freisin, i gceannas mar Rí na hAlban ó 1165 go 1214 (49 bliain). Bhí an dara réimeas is faide aige i stair na hAlban, roimh Acht an Aontais le Sasana, sa bhliain 1707. Bheadh an tréimhse is faide ag Séamas VI (i réim ó 1567 go dtí 1625).
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Uilleam c. 1142, le linn réimeas a sheanathar Daibhidh I na hAlban. Ba iad a thuismitheoirí ná Eanric mac Dabíd (mac an Rí) agus Ada de Warenne. Bhí Uilleam timpeall 10 mbliana d’aois nuair a d’éag a athair sa bhliain 1152, rud a d'fhág gurb é a dheartháir is sine Máel Coluim léiroidhre dá sheanathair. Is óna athair a bhfuair Uilleam an tIarlacht Northumbria ó oidhreacht. Fuair Daibhidh I bás an bhliain dár gcionn, agus d'éirigh Uilleam ina oidhre toimhdean don rí nua, Máel Coluim IV. Sa bhliain 1157, chaill Uilleam Iarlacht Northumbria d'Anraí II Shasana.
Réimeas
cuir in eagarNíor mhair Máel Coluim IV an-fhada, agus ar a bhás an 9 Nollaig 1165, ag aois 24, tháinig Uilleam i gcoróin. Corónaíodh an monarc nua an 24 Nollaig 1165. I gcodarsnacht lena dheartháir lag reiligiúnach, bhí Uilleam teann láidir, ruafholtach agus ceanndána. Ba mhonarc éifeachtach é, ach mhill iarrachtaí mí-ámharach smacht arís a fháil ar a oidhreacht athartha Northumbria ó na hAngla-Normannaigh a réimeas.