William Drennan
Rugadh an lia, tírghráthóir, agus mionfhilea Éireannach William Drennan (leagan galldaithe den shloinne Gaelach Ó Draighnáin) sa bhliain 1754, i mansa an Chéad Eaglais Phreispitéirigh, Sráid Rósmhuire, Béal Feirste. Mac leis an Urramach Thomas Drennan (1696 -1762) agus Anne Lennox (1718 -1806), lena dheirfiúracha níos sine Martha (Martha McTier) agus Nancy, bhí sé ar dhuine den thriúr amháin dá n-aon leanbh déag a tháinig slán ón naíonacht.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Bealtaine 1754 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 5 Feabhra 1820 65 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ghlaschú Ollscoil Dhún Éideann |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dochtúir leighis, file |
Ball de | |
Teaghlach | |
Páiste | Sarah Drennan |
Athair | Thomas Drennan |
Siblín | Martha McTier |
Oideachas Eagnaíochta
cuir in eagarCosúil lena athair, rinne Drennan staidéar in Ollscoil Ghlaschú, ionad de chuid na hEagnaíochta Albanaí. Trí chomhairleoir a athar, an fealsamh morálta Éireannach Francis Hutcheson (1694-1746), bhí glúin nua smaointeoirí Albanacha tar éis tarraingt ar éiteas poblachtach na frithsheasmhachta Preispitéireach in aghaidh an fhorchuir ríoga agus easpaig, chun an rud ar a dtug Drennan “the restless power of reason" a chosaint. [1] Ag teacht leis an ghluaiseacht chun spéis an phobail a mhúscailt i bhfealsamh Hutcheson, a bhí ag a chara Dugald Stewart i nDún Éideann, a nasc coinsias aonair i gcúrsaí creidimh leis an gceart comhchoiteann chun seasamh in aghaidh rialtas leatromach, luaigh Drennan ina dhiaidh sin an Treatises on Government le John Lock, mar a "prime authority on politics" [2]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Smyth (2012). "Wolfe Tone's Library: The United Irishmen and "Enlightenment"". Eighteenth-Century Studies 45 (3). doi: .
- ↑ Drennan (1991). "The Trial of William Drennan". Dublin: Academic Press. ISBN 978-0-7165-2457-1.