Ceantar san Fhionlainn is ea Urjala (Urdiala as Sualainnis, cé nach n-úsáidtear an leagan Sualainnise go minic inniu). Tá Urjala suite i gcúige na Fionlainne Thiar, nó i gcúige traidisiúnta na Tabhastlainne. Tá 5540 duine ina gcónaí ansin. Tá Urjala ag críochantacht le Forssa, Humppila, Kylmäkoski, Kalvola, Tammela, Punkalaidun, Vesilahti, agus Vammala.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilUrjala
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61° 05′ N, 23° 33′ E / 61.08°N,23.55°E / 61.08; 23.55
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighWestern and Central Finland Regional State Administrative Agency (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainnePirkanmaa Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán4,568 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús9.61 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite san aonán críochach staitistiúilSouthern Pirkanmaa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla475.53 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1868
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachcomhairle bardasach Urjala Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinurjala.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: urjalankuntavirallinen Instagram: urjalankunta Cuir in eagar ar Wikidata
Loch Kortejärvi in Urjala

Is í an Fhionlainnis an t-aon teanga dhúchasach amháin a labhraítear in Urjala, agus ní bheifeá ag súil lena mhalairt sa Tabhastlann.

Nuutajärvi - Sráidbhaile na Gloine

cuir in eagar

Is é "sráidbhaile na gloine" (lasikylä), Nuutajärvi, an áit is mó le rá in Urjala inniu. Is iad na séiteoirí traidisiúnta gloine a thuill a clú do Nuutajärvi, agus is féidir earraí gloine a cheannach sa sráidbhaile a séideadh de réir na seanmhodhanna oibre. Tá radharc ag na daoine ar an gceárta gloineadóireachta, i gcruth is go bhfeiceann siad an dóigh a bhfuiltear ag séideadh gloine. Bunaíodh monarcha gloine Nuutajärvi sa bhliain 1793, agus is í an mhonarcha gloine is sine san Fhionlainn. Tá scoil séiteoireachta gloine san áit freisin.

I nDilchuimhne ar Väinö Linna

cuir in eagar

Is follasach nach ligtear cuimhne Väinö Linna i ndearmad ach an oiread. Gach bliain, ceiliúrtar Féile Pentinkulma, nó Pentinkulman päivät, in Urjala, agus na scríbhneoirí is an lucht léinn ag teacht le chéile i ndeireadh Mhí Iúil nó i dtús Mhí Lúnasa le tábhacht an scríbhneora i gcultúr na Fionlainne a phlé nó le gnéithe de stair na Fionlainne a chardáil a bhfuil baint acu le saol is le saothar Väinö Linna, ar nós an chogaidh chathartha. Is é cumann cuimhneacháin Väinö Linna, nó Väinö Linnan seura, a chóiríonn an fhéile.