Hämeenlinna
Cathair bhardais is ea Hämeenlinna (Sualainnis: Tavastehus) atá suite sa chúige stairiúil úd Häme i ndeisceart na Fionlainne. Tá cónaí ar 48,000 duine, a bheag nó a mhór, sa chathair. Tagann ainm na cathrach ó Chaisleán Häme, caisleán a tógadh sa Mheánaois agus é suite sa chathair.
Hämeenlinna | |||||
---|---|---|---|---|---|
Hämeenlinna (fi) Tavastehus (sv) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Southern Finland Regional State Administrative Agency (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | Bun na Tabhastlainne | ||||
Príomhchathair de | Bun na Tabhastlainne (1998–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 68,288 (2024) | ||||
• Dlús | 38.25 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Hämeenlinna sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 1,785.35 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Hauho, Kalvola, Lammi, Renko agus Tuulos | ||||
Cruthú | 1639 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhairle Cathrach Hämeenlinna | ||||
• Ceannaire an rialtais | Olli-Poika Parviainen (2021–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 13100 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hameenlinna.fi |
Stair na cathrach
cuir in eagarBhí áitreabh réamhstairiúil suite anseo le fada, chois Loch Vanajavesi. In aice le lár na cathrach, i Varikonniemi, atá iarsmaí áitribh ó thús na meánaoise nó ón iarannaois, agus is é an chiall a bhain scoláirí áirithe as gurb ansin a bhí cathair Vanai, a luaitear i bhfoinsí áirithe Rúiseacha. Cúis conspóide í an teoiric seo i gcónaí, áfach.
Tógadh an caisleán ag deireadh na 13ú haoise chun cumhacht na Sualannach a neartú i lár na Fionlainne. Tháinig sráidbhaile ar an bhfód in aice leis chun seirbhísí agus táirgí a chur ar fáil do mhuintir an chaisleáin.
Bunaíodh Hämeenlinna mar chathair sa bhliain 1639. Go luath ina dhiaidh sin, bhog Rí na Sualainne an chathair ciliméadar amháin ó dheas go dtí na cnoic ar a bhfuil sí suite anois.
Tá cáil ar an gcathair mar gheall ar na scoileanna agus acadaimh ina bhfuair roinnt Fionlannaigh cháiliúla tús a n-oideachais.
hOsclaíodh an chéad líne iarnróid sa tír idir Hämeenlinna agus Heilsincí sa bhliain 1862. Tógadh an stáisiún traenach (Fionlainnis: rautatieasema) atá ann inniu sa bhliain 1921.
Daoine cáiliúla
cuir in eagar- Rugadh agus tógadh an ceolchumadóir Jean Sibelius i Hämeenlinna. Bhain sé amach an Ardteistiméireacht ón meánscoil áitiúil, Hämeenlinnan Lyseo sa bhliain 1885.
- D'fhreastail an file Eino Leino ar an meánscoil chéanna.
- Is as Hämeenlinna don racghrúpa Turisas.
- Saolaíodh Antony Hämäläinen, amhránaí sa cheolfhoireann Ghréagach-Shualannach úd Nightrage, sa chathair.
- I Hämeenlinna a phós an tiománaí rásaí Kimi Räikkönen an mainicín Jenni Dahlman sa bhliain 2004.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |