Víosa Saoire Oibre na hAstráile

Ceadaíonn an Víosa Saoire Oibre (subclass 417)[1][2][3] de chuid na hAstráile do 'dhaoine óga' (18-35 bliain d'aois), a bhfuil pas Éireannach acu, taisteal go dtí an Astráil agus oibriú ann ar feadh dhá bhliain.[4] Tugtar "Saoirí oibre san Astráil" (Béarla: Working Holidays in Australia) ar an gclár.

Coinníollacha cuir in eagar

Is féidir obair shealadach nó ócáideach a aimsiú nuair a bhaineann tú an tír amach agus is féidir leat staidéar gearr a dhéanamh freisin fad a bhíonn tú ann. Roimh iarratas a chur isteach, léigh na coinníollacha go cúramach. Má tá daoine ag taisteal go príomha chun oibriú nó chun staidéar a dhéanamh, ba cheart víosaí eile a fhiosrú.

Má bhíonn duine ag obair i láthair réigiúnach san Astráil ar feadh thrí mhí leis an gcéad Víosa Shaoire Oibre, is féidir síneadh bliana a fháil ar an víosa sin faoi chúinsí áirithe.[5].

Víosaí eile cuir in eagar

Bíonn roghanna eile ann, mar shampla an Víosa Urraíochta Fostóra. Is víosa shealadach nó víosa bhuan an víosa seo. Tugann an víosa shealadach 457, cead d’fhostóirí oibrithe iasachta a fhostú le go líonfaí poist fhostaíochta oilte san Astráil.

Tá sé thar a bheith tábhachtach i gcónaí go mbeadh stádas dleathach ag daoine chomh fada agus a mhaireann siad san Astráil.

Dálaí maireachtála cuir in eagar

Bíonn éagsúlacht mhór costais ann maidir le cóiríocht a fháil, ag brath ar an áit ina mbíonn duine san Astráil. Bíonn lóistín sna cathracha móra ar nós Sydney, Perth agus Melbourne thar a bheith costasach. Agus uaireanta bíonn na hÉireannaigh báite i bpáipéarachas. Tromluí amach is amach is ea é ó thaobh maorlathais de do dhaoine áirithe.[5]

Nuair a thagann daoine chun na tíre, ba chóir dóibh cuir isteach ar Uimhir Chomhaid Chánach (TFN) toisc go mbeidh a leithéid á lorg ag an bhfostóir. Téigh go dtí www.ato.gov.au[6] chun eolas breise a lorg maidir leis an TFN a fháil

Na hÉireannaigh san Astráil cuir in eagar

Fuair níos mó ná 21,000 saoránach Éireannach Víosa 'Saoire Oibre' idir mí Iúil 2022 agus mí na Bealtaine 2023 de réir figiúirí a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Baile san Astráil. Ní fhacthas an méid seo eisimirce ó ard an chúlaithe eacnamaíochta in 2008. Le haghaidh comparáide, deonaíodh 11,077 víosa i rith na tréimhse céanna idir 2018 agus 2019, roimh na paindéime Covid-19. Bíonn tuarastail níos airde agus caighdeán maireachtála níos fearr san Astráil ag mealladh daoine óga ó Éirinn.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. .homeaffairs.gov.au (2024). "First Working Holiday visa". Dáta rochtana: 2024.
  2. "Working Holiday (417)" (en-GB). Immi Law. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  3. diasporasupport.ie (2024). "Australia" (en-US). Crosscare Irish Diaspora Support Project. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  4. y-axis.com (2023). "The age limit for the Australian WH Visa is now 35 years" (en). www.y-axis.com. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  5. 5.0 5.1 atholicbishops.ie (2015). "PACÁISTE FAISNÉISE D’EISIMIRCIGH 2015". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-04-29. Dáta rochtana: 2024.
  6. ato.gov.au (2024). "Foreign passport holders, permanent migrants and temporary visitors – TFN application". www.ato.gov.au. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  7. Conradh na Gaeilge Londain (20 Eanáir 2024). "‎Nuacht Mhall: (Tiobraid Árann)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  8. corporateName= Department of Foreign Affairs and Trade. "Australian Embassy in". ireland.embassy.gov.au. Dáta rochtana: 2024-01-21.