Cathair in ndeisceart stát Washington, SAM, ar bhruach thuaidh an Abhainn Columbia is ea Vancouver. Úsáidtear ainm an stáit lena ainm go minic chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus Vancouver sa Cholóim Bhriotanach. Tá an dá háit ainmnithe i ndiaidh George Vancouver, captaen mara agus taiscéalaí. Is é an ceathrú cathair is mó i stát Washington agus príomhbhaile Chontae Clark. Bhí 161,791 duine ina gcónaí i Vancouver de réir daonáirimh na bliana 2010, agus measadh 167,405 duine a bheith ann sa bhliain 2013.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilVancouver, Washington

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósGeorge Vancouver Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 45°37′52″N 122°40′18″W / 45.6311°N 122.6717°W / 45.6311; -122.6717
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheWashington
County of Washington (en) AistrighContae Clark Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán190,915 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,456.9 hab./km²
Líon na dteaghlach73,427 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighPortland metropolitan area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla131.041684 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce6.8161 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde52 m-171 ft Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1825
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisAnne McEnerny-Ogle (en) Aistrigh (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist98607, 99660–99664, 99682–99684 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód360 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincityofvancouver.us Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: VancouverUS Twitter: VancouverUS Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuail galair Eorpacha bundúchasaigh an cheantair go han-dona, ag tosnú sa bhliain 1775 leis an chéad teagmháil eatarthu. Ba bheag duine díobh a tháinig slán as. Sa bhliain 1805 scríobh Meriwether Clark, taiscéalaí Meiriceánach, faoin áit ina bhfuil Vancouver inniu mar "an t-aon áit a molfaí dul a chónaí ann taobh thiar de na Sléibhte Creagacha." Rinneadh cathair de Vancouver sa bhliain 1857.

Tá Vancouver lámh le Portland, Oregon, agus déanann siad aon mhórcheantar uirbeach amháin murb ionann a róil sa gheilleagar áitiúil: Mar gheall ar chúrsaí cánacha sa dá stát is fearr le na lán daoine bheith ina gcónaí agus a bheith ag obair i Vancouver ach a gcuid siopadóireachta a dhéanamh i bPortland.

Teach Marshall i Sraith na nOifigeach i Vancouver (ainmnithe i ndiaidh George C. Marshall)


Naisc sheachtracha cuir in eagar