Veturliði Óskarsson
Is teangeolaí agus múinteoir Íoslannach é Veturliði Óskarsson. Rugadh ar an 25 Márta 1958 i Borgarnes é. D'freastail sé ar ardscoil Menntaskólinn í Reykjavík i Réicivíc, i ngar do Borgarnes. Chuaigh sé chuig Ollscoil na hÍoslainne, áit a ndearna sé taighde ar an Íoslainnis, ar litríocht na hÍoslainne, agus ar an teangeolaíocht, go dtí 1985. Ó 1987 go 1992 rinne sé taighde ar an Lochlainnis in Ollscoil Chóbanhávan, agus idir 1987 agus 1990 bhí sé ina chúntóir ar Fhoclóir Phrós na Sean-Lochlainnise (Ordbog over det norrøne prosasprog). In 1992–1993, d’oibrigh sé leis an stáisiún teilifíse Íslenska útvarpsfélagið mar chomhairleoir teanga chun íonacht na hÍoslainnise a chosaint. In 1995 agus 1996 bhí sé i gceannas ar roinn aistriúcháin an stáisiúin. Ó 1997 go 2002, bhí sé ina léachtóir in Ollscoil Uppsala, áit ar bronnadh céim dhochtúireachta air in 2001 le tráchtas dar teideal Middelnedertyske låneord i islandsk diplomsprog frem til år 1500 (Focail iasachta Meán-Ghearmáinise Íochtaraí san Íoslainnis go dtí an bhliain 1500). Tá sé ag obair in Ollscoil Uppsala anois.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Márta 1958 66 bliana d'aois Borgarnes, An Íoslainn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Uppsala Ollscoil Chóbanhávan |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Uppsala |
Teangacha | An Íoslainnis |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Veturliði Óskarsson". Dáta rochtana: 2024-03-19.