Is é an aidhm atá ag an leathanach seo ná roinnt eolais a chur ar fáil maidir le conas cabhair a fháil ar an Vicipéid agus faoi na háiteanna is fearr le ceisteanna a chur. Tugtar eolas anseo, chomh maith, ar na daoine a bhíonn ag obair go dian dícheallach ar Vicipéid na Gaeilge ag iarraidh gach rud a choimeád in ord agus in eagar, agus ag cur feabhas ar na leathanaigh agus na hailt diaidh ar ndiaidh – is iad sin, na húsáideoirí gníomhacha, na riarthóirí, agus na maorlathaithe.

Conas cabhair a fháil agus cén áit le ceisteanna a chur

Conas teacht ar Cuir topaic leis sa Halla baile

Má tá cabhair uait, moltar duit dul ag póirseáil tríd an réamhrá seo arís, nó tríd an leathanach Cabhair féachaint an bhfuil freagra ar fáil áit éigin cheana féin. Mura bhfuil, tá cúpla rogha agat.

Más ceist ghinearálta atá ann – faoi Vicipéid na Gaeilge, nó faoin eagarthóireacht, nó a leithéid – moltar duit topaic nua a chruthú sa Halla baile. Is áit í sin inar féidir le Vicipéideoirí na Gaeilge ceisteanna ginearálta a phlé go hoscailte.

Conas teacht ar leathanach plé

Más ceist í a bhaineann le leathanach áirithe, áfach, is ar an leathanach plé a bhaineann leis an leathanach sin is fearr í a chur. Tá leathanach plé ag gach uile leathanach ar an Vicipéid, agus is féidir teacht air ach cliceáil nó tapáil ar an nasc Plé atá suite faoi theideal an leathanaigh. (Mar shampla, is é an leathanach Plé:Éire an leathanach plé don alt Éire.) Is áit í an leathanach plé le plé a dhéanamh ar an leathanach – tá sé chomh simplí le sin. D'fhéadfá rud éigin a scríobh ann má fheiceann tú fadhb éigin ar an leathanach ach níl sé ar do chumas an fhadhb sin a réiteach, nó má tá tú in amhras faoi fhíric éigin nó foinse éigin ar an leathanach, cuir i gcás.

Úsáideoirí gníomhacha, riarthóirí, agus maorlaithe

Faoin tráth seo (Márta 2024), tá 99 duine ag cur le Vicipéid na Gaeilge ar bhonn rialta – is é sin, tá athrú amháin, ar a laghad, déanta acu le 30 lá anuas. Úsáideoirí gníomhacha a thugtar ar na daoine seo.

Tá 7 riarthóir ag Vicipéid na Gaeilge faoi láthair. Úsáideoirí iad seo a bhfuil cumhachtaí áirithe teicniúla acu a bhaineann le, mar shampla, bac a chur ar úsáideoirí agus seoltaí IP áirithe (agus baic a bhaint), leathanaigh a chur faoi chosaint (agus an chosaint sin a bhaint), leathanaigh atá 'faoi chosaint iomlán' a chur in eagar, leathanaigh a scriosadh (agus a díscriosadh), leathanaigh a athainmniú gan srian, agus úsáid a bhaint as roinnt uirlisí nach bhfuil ar fáil do na gnáthúsáideoirí.

Tá 3 maorlathach ag Vicipéid na Gaeilge faoi láthair. Riarthóirí iad seo ar féidir leo riarthóirí agus maorlathaithe nua a cheapadh. Is féidir leo riarthóirí a bhaint chomh maith.

Mura bhfuil ag éirí leat freagra a fháil ar do cheist sa Halla Baile nó ar leathanach plé éigin, d'fhéadfá dul i dteagmháil le duine de na riarthóirí. B'fhearr gan an cheist chéanna a phostáil i níos mó ná áit amháin más féidir in aon chor é, áfach.

Críoch

Is dócha go bhfuil cur amach sách maith agat ar an Vicipéid faoin tráth seo más rud é go bhfuil tú tar éis an méid seo ar fad a léamh. Ná déan dearmad cuntas a chruthú sula rachaidh tú i mbun oibre.

Anois, ar aghaidh leat agus bain sult as! Seo leathanach fánach duit má tá tú in amhras faoi cá háit le tosú.

Gach rath ar an obair!


RéamhráEagarthóireachtCeisteanna agus comhluadar