Vicipéid:Réamhrá 2
Is cuma má tá sé i gceist agat feabhas a chur ar na hailt atá ar an Vicipéid cheana féin, nó ailt nua a chruthú, beidh scileanna áirithe uait chun an obair sin a dhéanamh. Is é an aidhm atá ag an leathanach seo ná roinnt eolais a chur ar fáil maidir leis na scileanna sin.
'Cuir in eagar' vs. 'Cuir foinse in eagar'
Má tá sé i gceist agat a bheith ag plé go mion minic le formáidiú atá beagáinín níos casta, áfach, seans go rachaidh sé chun do leasa rud nó dhó a fhoghlaim faoi Cuir foinse in eagar (is é sin, an tEagarthóir Foinseach) chomh maith.
Conas cur síos a dhéanamh ar an athrú (nó na hathruithe) atá déanta agat
Más mionathrú atá i gceist – ag ceartú botún cló, nó a leithéid – is féidir tic a chur in aice Is mionathrú é seo, agus más maith leat súil a choimeád ar an alt sin amach anseo is féidir tic a chur in aice Déan faire ar an lch seo chun an leathanach a chur ar do liosta faire.
An Clár Dubh
Rud eile is fiú a lua anseo maidir leis an eagarthóireacht ná an Clár Dubh. Is spás folamh é seo ar féidir é a úsáid chun breis taithí a fháil ar conas eagarthóireacht a dhéanamh, nó chun dréachtaí garbha d'ailt nua a chruthú. Tá ceann dá chuid féin ag gach uile úsáideoir, agus is féidir teacht air sa roghchlár sa chúinne ag barr ar dheis, is cuma cén áit ina bhfuil tú ar an Vicipéid.
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin eagarthóireacht agus faoi conas ailt nua a chruthú ag na naisc thíos.
(Ná déan dearmad cuntas a chruthú sula rachaidh tú i mbun oibre!)