Viktor Arnar Ingólfsson

scríbhneoir Íoslannach

Is scríbhneoir agus innealtóir as an Íoslainn é Viktor Arnar Ingólfsson. Rugadh é ar 12 Aibreán 1955 in Akureyri cé go bhfuil sé ina chónaí i Réicivíc anois.[1] Bhain Ingólfsson céim amach san innealtóireacht shibhialta in Ollscoil Réicivíc sa bhliain 1983, agus tá sé anois ag obair in Údarás um Bóithre Náisiúnta na hÍoslainne (Íoslainnis: Vegagerðin), áit a bhfuil sé freagrach as na foilseacháin. Ainmníodh é don Glerlykillinn (An Eochair Ghloine) faoi dhó, duais Lochlannach a bhronnann Skandinaviska Kriminalselskapet (Cumann Lochlannach na gCoirscéalaithe) le haghaidh scéalta bleachtaireachta. Tá leabhair dá chuid aistrithe go Seicis, Ollainnis, Béarla agus Gearmáinis.

Infotaula de personaViktor Arnar Ingólfsson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Aibreán 1955
68 bliana d'aois
Akureyri, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hÍoslainne
Ollscoil George Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Íoslainnis

Suíomh gréasáinmmedia.is… Cuir in eagar ar Wikidata

Obair cuir in eagar

Cuntais cuir in eagar

  1. "Bókmenntaborginn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-10. Dáta rochtana: 2020-04-25.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar