Whipping Boy (Banna Éireannach)

Banna ceoil Éireannach a sheinn rac ailtéarnach a bhí in Whipping Boy. Bhí siad gníomhach ó dheireadh na 1980í go dtí deireadh na 1990idí. D'eisigh siad 3 albam lánfhada.

Bosca Sonraí EagraíochtaWhipping Boy
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1988
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1988 –
Lipéad ceoilColumbia Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: 276681238751 Twitter: WhippingBoyBand Spotify: 3oadMDBL4Wv7F5lkVwRWy2 iTunes: 14677016 Last fm: Whipping+Boy Musicbrainz: 0c5c0ff2-bcde-401d-9d88-c9cff190d673 Songkick: 465547 Discogs: 285540 Allmusic: mn0000819758 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Whipping Boy i Baile Átha Cliath sa bhliain 1988, agus b'iad seo a leanas na baill: Fearghal McKee (amhránaíocht), Paul Page (giotár), Myles McDonnell (dordghiotár, amhránaíocht), agus Colm Hassett (drumaí).[1]Ar dtús, sheinneadh siad leaganacha clúdaigh d’amhráin de chuid The Velvet Underground agus The Fall, agus Lolita and the Whipping Boy an t-ainm a bhí orthu. Ghiorraigh siad ainm an bhanna nuair a d'fhág an giotáraí mná.[2]

Tar éis cúpla EP a chur amach ar an lipéad Cheree, d'eisigh siad a gcéad albam, Submarine i 1992 ar Liquid Records. Chabhraigh a gcuid ceolchoirmeacha beo leo cáil an bhanna a mhéadú, agus bhí míchlú áirithe orthu freisin toisc go ngearradh McKee é féin le gloine bhriste agus é ar ardán.[2] Fuair an t-albam ardmholadh ó na criticeoirí cé nár éirigh leis ó thaobh na tráchtála de. D'éirigh leo comhaontú a bhaint amach le Columbia Records dá bharr, dream a d'eisigh dara halbam an bhanna, Heartworm, i 1995, chomh maith le trí shingil ar éirigh go measartha maith orthu.[1] Moladh Heartworm go mór, agus dúirt Allmusic gur an earth-shatteringly powerful experience a bhí ann.[3] Scar an grúpa ó chéile sa bhliain 1998 tar éis do Columbia bata agus bóthar a thabhairt dóibh, rud a d'fhág nár eisíodh an tríú halbam. Eisíodh an t-albam Whipping Boy (albam) sa bhliain 2000 ar lipéad an bhanna féin Low Rent.[1]

Rinneadh an banna a athbheochan i Meán Fómhair 2005, agus fógraíodh roinnt ceolchoirmeacha in Éirinn. Tháinig deireadh leis an gcéad leagan amach bunaidh a bhí ar an mbanna sa bhliain 2006. Rinne McKee agus Hassett an banna a athbheochan sa bhliain 2011, gan cead Page agus McDonnell. Ghlac Killian McGowan agus Finn O'Connor a róil siúd. D’eisigh na ceoltóirí sin singil dar teideal “No One Takes Prisoners Anymore” sular tháinig deireadh leis an leagan amach sin den bhanna in 2012.

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim stiúideo cuir in eagar

Bliain Sonraí Buaic-áit sna cairteacha
IRL
[4]
1992 Submarine
  • Eisíodh é: Iúil 1992
  • Lipéad: Liquid
1995 Heartworm
  • Eisíodh é: 1 Samhain 1995
  • Lipéad: Columbia
4[nb 1]
[9]
2000 Whipping Boy
  • Eisíodh é: 28 Aibreán 2000
  • Lipéad: Low Rent
65

Singil cuir in eagar

  • Sweet Mangled Thing EP (1989) (caiséad-EP féin-eisithe)
  • Whipping Boy EP (1990) Cheree
  • I Think I Miss You EP (1991) Cheree
  • "Favourite Sister" (1992) Liquid
  • "Twinkle" (1995) Columbia
  • "We Don't Need Nobody Else" (1995) Columbia (RA Uimh. 51, Éire Uimh. 24)[1]
  • "When We Were Young" (1996) Columbia (An Ríocht Aontaithe Uimh. 46, Éire Uimh. 28)[1]
  • "Twinkle" (1996) Columbia (RA Uimh. 55)[1]
  • "No One Takes Prisoners Anymore / Earth's Last Picture" (2012) Rocket Girl[10]

Nótaí cuir in eagar

  1. Bhí Heartworm sna cairteacha ag uimhir 4 ar Chairt Oifigiúil Barr 50 Albam Éireannach (seachtain dar chríoch an 13 Eanáir 2022) [5] tar éis gur atheisíodh é mar eagrán deluxe 20 rian ag lipéad Pete Paphides' Needle Mythology [6][7][8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 Strong, Martin C. (2003)" Whipping Boy", in The Great Indie Discography, Canongate, ISBN 1-84195-335-0
  2. 2.0 2.1 Lewis, Jonathan "[[[:Teimpléad:AllMusic]] Beathaisnéis Buachaill Aoire]", Allmusic, Macrovision Corporation
  3. Rabid, Jack "[[[:Teimpléad:AllMusic]] "'Heartworm Léirmheas]", ' 'Allmusic, Macrovision Corporation
  4. "Discography Whipping Boy".
  5. "Ed Sheeran scores second week as Irish Number 1 album with =".
  6. "Needle Mythology".
  7. "Needle Mythology Q&A – with Stephen Duffy, Ian Broudie & Pete Paphides".
  8. "Needle Mythology – chickfactor".
  9. "Top 100 Artist Album, Week Ending 7 January 2022".
  10. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-06-25. Dáta rochtana: 2023-01-18.