The Velvet Underground
Racbhanna Meiriceánach ab ea The Velvet Underground, a bhí gníomhach idir na blianta 1965 agus 1973. Na baill is cáiliúla a bhí ann ná Lou Reed agus John Cale, an bheirt úd a bhain rath nach beag amach mar cheoltóirí aonair. Cé nach raibh mórán ratha tráchtála ag an mbanna ina linn féin, bíonn siad luaite i gcónaí ag na criticeoirí mar cheann de na grúpaí ba thábhachtaí agus ba mhó tionchar riamh, a thóg spreagadh an-mhór do cheoltóirí nua. Mar a deirtear, ní fhaca mórán daoine an banna ag seinm riamh, ach bhunaigh gach duine dóibh bannaí.
B'as Cathair Nua-Eabhrac dóibh. Bhí baint ag an ngrúpa le fochultúr ealaíne Andy Warhol, agus tháinig seisean isteach mar bhainisteoir orthu. Chum siad ceol agus liricí a chuaigh díreach in aghaidh na gcaighdeán sóisialta a bhí ann sna laethanta úd — mar shampla cultúr na ndrugaí, an striapachas agus ábhair eile ón taobh dorcha den chathair. Mar thoradh, d'oscail siad a lán doirsí do ghrúpaí eile a thiocfadh ar an bhfód níos déanaí. Mar chumadóirí, bhí siad an-trialach i gcónaí agus d'imir dearcadh an bhanna tionchar mór ar phunc-rac sna seachtóidí agus ar rac malartach sna nóchaidí.
Chuir Rolling Stone an t-albam The Velvet Underground and Nico ag uimhir 13 ar an liosta de na halbaim is fearr riamh sa bhliain 2003.
Albaim
cuir in eagar- The Velvet Underground & Nico (1967)
- White Light/White Heat (1968)
- The Velvet Underground (1969)
- Loaded (1970)
- Live at Max's Kansas City (taifeadta 1970, eisithe 1972)
- Squeeze (1973)
- 1969: The Velvet Underground Live (albam dúbailte, taifeadta go beo 1969, eisithe 1974)
- VU (taifeadta 1969, eisithe 1985)
- Another View (taifeadta 1967-69, eisithe 1986)
Tagairtí
cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |