Lou Reed

ceoltóir Meiriceánach (1942-2013)


Ceoltóir agus cumadóir a bhí ina phríomhamhránaí leis an racghrúpa The Velvet Underground sna seascaidí ab ea Lewis Allen Reed, ar a dtugtar Lou Reed go forleathan (2 Márta 1942 a rugadh é - 27 Deireadh Fómhair 2013). As Brooklyn, Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe ó dhúchas dó.

Lou Reed
Lou Reed at the Hop Farm Music Festival.jpg
Saol
Ainm iomlánLewis Allan Reed
Eolas breitheBrookdale University Hospital and Medical Center (en) Aistrigh, 2 Márta 1942, 2 Márta 1944
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásEast Hampton (en) Aistrigh, 27 Deireadh Fómhair 2013
Cúis bháisbás nádúrtha (ciorróis)
Muintir
Céile/CéilíLaurie Anderson  (Aibreán 12, 2008 -  Deireadh Fómhair 27, 2013)
Oideachas
Alma materFreeport High School (en) Aistrigh
Ollscoil Syracuse
(1960 -
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí, amhránaí is scríbhneoir, giotáraí, grianghrafadóir, cumadóir, cumadóir amhrán, file, aisteoir, léiritheoir ceirníní, ceoltóir agus stiúrthóir scannán
FostóiríPickwick  (1964 -
Saothar iomráiteachWalk on the Wild Side (en) Aistrigh
Transformer (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtThe Velvet Underground
Gluaiseacht ealaínerac-cheol
prótaphunc
rac malartach
noise rock (en) Aistrigh
rac thurgnamhach
rac glam
rac-cheol tíre
rac sícideileach
blue-eyed soul
rac-ealaine
an focal labhartha
crónán
Cineál guthabaratón
Uirlis cheoilgiotár
ceol gutha
Lipéad ceoilWarner Bros. Records
Metro-Goldwyn-Mayer
RCA
Pickwick
Verve Records
MGM Records
RCA Records
Arista
Sire
Warner Records
IMDbnm0715563
loureed.com
Discogs ID11879
1977

Tugtha don ól,[1] tháinig ailse ae air. D'ólfadh Reed an chros den asal ach ba é galar ae a taifeadadh mar an chúis bháis Fuair sé bás in East Hampton (Nua Eabhrach) ar 27 Deireadh Fómhair 2013.[2]

CeolCuir in Eagar

"An Taobh Fiáin den saol" an t-amhrán is cáiliúil leis.[3]

I 1978, chum Lou Reed Street Hassle, amhrán ar leith, bunaithe ar scéalta ó shráideanna Nua Eabhrach.[4] Tá sé nach mór 11 nóiméad ar fhaid. Sa chéad cuid Waltzing Matilda, cloisimid scéal ó bhean a chasann le striapach fireann agus an eachtra a tharlaíonn dóibh. I gcuid a dó de ‘Street Hassle’, tá mangaire drugaí le clos ag caint mar gheall ar bhás mná ina árasán. Sa chuid dheireanach, ‘Slipaway’, cloisimid Lou Reed (le cabhair ó Bruce Springsteen, ar tharla é a bheith sa cheantar céanna an lá céanna go raibh an t-amhrán á thaifeadadh) ag machnamh ar na hábhair is giorra dá chroí: an grá is an bás.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Matthew Mientka (2013-06-01). "Musician Lou Reed Receives Liver Transplant After Years Of Alcohol And Drug Abuse" (en). Medical Daily. Dáta rochtana: 2020-10-27.
  2. Jon Dolan, Jon Dolan (2013-10-27). "Lou Reed Remembered: The RS Obituary" (en-US). Rolling Stone. Dáta rochtana: 2020-10-27.
  3. "An tSúil Nimhe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-27.
  4. Cian Ó Cíobháin (An Taobh Tuathail). "5 amhrán ón taobh tuathail…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-27.