William Haliday

scoláire agus teangeolaí Éireannach

Scoláire Éireannach a raibh an-spéis aige sa Ghaeilge ab ea William Haliday (1788–1812).[1] Uaireanta d’úsáideadh sé leagan Gaelaithe dá ainm, William O’Hara, agus i ndoiciméid áirithe mílitrítear a shloinne mar Halliday. Mac le ceardaí as Baile Átha Cliath é, agus rugadh timpeall na bliana 1788 é. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge, agus d'fhoilsigh sé leabhar gramadaí nuair a bhí sé 19 bliain d'aois faoin ainm cleite Edmond O’Connell (a shínigh sé E.O’C).[2] Oileadh mar aturnae é.[3] I 1808, in éineacht le hÉadbhard Ó Raghallaigh, an Dochtúir John Lanigan, agus an tAthair Pól Ó Briain (Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Má Nuad), bhunaigh sé Cumann Gaelach Bhaile Átha Cliath (Gaelic Society of Dublin), mar iarracht ar an nGaeilge a shábháil.[4]

Infotaula de personaWilliam Haliday
Beathaisnéis
Breith1788
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1812
23/24 bliana d'aois
Dún Droma Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteEdmond O'Connell Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgramadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínCharles Haliday

Fuair sé bás gan ach 24 bliain slánaithe aige, ar 26 Deireadh Fómhair 1812 agus cuireadh é i reilig Theach Naithí i nDún Droma. Chum an Dr. Lanigan an inscríbhinn ar a leac uaighe. Ba é an staraí Charles Haliday a dheartháir níos óige.

Foilseacháin

cuir in eagar
  • Uraicecht na Gaedhilge (A grammar of the Gaelic language) le “Edmond O'Connell (E.O'C)” (ainm cleite do William Haliday), curtha i gcló ag John Barlow, i mBaile Atha Cliath (1808).[5]
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “HALIDAY, William (1788–1812) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Webb (1878). "A Compendium of Irish Biography". Dublin: M. H. Gill & Son.– tríd LibraryIreland.com 
  3. 'Introduction to - A Grammar of the Irish Language: Published for the Use of the Senior Classes in the College of St. Columba', By John O'Donovan, published by Hodges and Smith, Dublin (1845).
  4. John Lanigan”. NewAdvent.org. Dáta rochtana: 13 December 2019.
  5. Early Gaelic Books Collection National Library of Scotland