Cathair in Delaware, sna Stáit Aontaithe, is ea Wilmington. Tá Wilmington suite i dtuaisceart an stáit ar an Abhainn Cristina, gar don áit ina sníonn an Cristina isteach san Abhainn Delaware. Tá an Delaware ina hinbhear ansin le dhá athrú taoide sa lá agus calafort do longa farraige. Príomhbhaile Chontae New Castle is ea Wilmington. Is é an chathair is mó in Delaware é.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilWilmington, Delaware

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 39°44′54″N 75°33′05″W / 39.7483°N 75.5514°W / 39.7483; -75.5514
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheDelaware
County of Delaware (en) AistrighContae New Castle Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán70,898 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,615.68 hab./km²
Líon na dteaghlach29,708 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighDelaware Valley (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla43.88125 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce35.6531 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde28 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1638
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisMike Purzycki (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist19801-19810, 19850, 19880, 19884-19887, 19889-19899 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód302 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinci.wilmington.de.us Cuir in eagar ar Wikidata
Radharc ón aer ar Wilmington

Stair cuir in eagar

Thosaigh lonnaíocht daoine san áit ina bhfuil Wilmington anois tamall gairid roimh theacht Henry Hudson sa bhliain 1609 nuair a chuir grúpa Lenni-Lenape faoi cheannas an Taoisigh Mattahorn fúthu ansin. Sa bhliain 1638 cheannaigh grúpa Sualannach faoi stiúradh Peter Minuit an áit uathu. Chuir siad lonnaíocht ann a d'éirigh ina ceannáras ar Nye Sverige (Nua-Shualainn). Ghlac na hOllannaigh agus, sa bhliain 1664, na Sasanaigh seilbh ar an gcoilíneacht. Sa bhliain 1800 bhain fear dár shloinne Du Point, Úgóineach, an baile beag amach agus chuir sé gnólacht ar bun a dhéanadh púdar gunna. B'shin tús an chomhlachta mhóir ceimicí DuPont, a fhostaíonn beagnach 9,000 duine sa chathair inniu. Tugadh cairt mar chathair do Wilmington sa bhliain 1832. In Wilmington a rinneadh breis is leath de na longa iarainn sa Chogadh Cathartha sna 1860idí.

Bhí 110,356 duine ina gcónaí ann sa bhliain 1950. Tháinig meath ar an gcathair agus thit an daonra ón mbliain sin go dtí am éigin sna 1990idí sular thosaigh sé ag fás arís. Fuarthas 70,852 duine ina gcónaí in Wilmington le linn daonáireamh na bliana 2010 agus measadh 71,292 duine a bheith ina gcónaí ann sa bhliain 2012.

Déimeagrafaic cuir in eagar

Is de shliocht Afracach 58% de mhuintir Wilmington agus 8.7% de shliocht Éireannach, an grúpa Eorpach is mó sa chathair.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar