Cathair atá suite in oirthear na hAraibe Shádaí is ea Yanbu' al BahrYanbu. Tá sé suite ar chósta na Mara Rua. Tá calafort tábhachtach ann. "Tobar cois farraige" an chiall le ainm na cathrach in Araibis. Sa bhliain 2004, bhí 188,430 duine ina gcónaí in Yanbu.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilYanbu
ينبع البحر (ar)
ينبع (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 24°02′40″N 38°24′27″E / 24.0444929°N 38.4073857°E / 24.0444929; 38.4073857
Stát ceannasachan Araib Shádach
Cúige de chuid na hAraibe SádaíMedina Province (en) Aistrigh
Governorate of Saudi Arabia (en) AistrighYanbu governorate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán298,675 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na dteaghlach100,000 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú491 "RCh"
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinyanbu.gov.sa Cuir in eagar ar Wikidata

Tá daoine ina gcónaí san áit leis na mílte bliain, go mór mhór de bharr an chuain mhóir nádúrtha atá ann. Tá sceireanna coiréalacha timpeall an chuain atá gan chorraí, sa chuid is mó, go dtí an lá atá inniu ann agus fágann sin gur áit bhreá thumadóireacht scúba atá ann. Mar sin féin, is cathair tionsclaíochta é Yanbu. Tá trí scaglann pheitriliam in Yanbu chomh maith le tionscal peitriceimiceach. Cónaíonn a lán oibrithe ó thíortha eile in Yanbu, as an Áise go príomha ach freisin as tíortha eile sa Mheán Oirthear, as an Eoraip, na Stáit Aontaithe agus Ceanada.