Yedermann Verlag
Bhunaigh Oliver Brauer agus Sebastian Myrus an comhlacht foilsitheoireachta yedermann sa bhliain 2000. Tá an comhlacht suite in Reimerling in München, agus tá sé ar cheann d’fhoilsitheoirí neamhspleácha na Gearmáine.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir foilsitheoir leabhar |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Tá sé d’aidhm ag yedermann litríocht chomhaimseartha a fhoilsiú, idir fhilíocht (agus na húdair Gerald Fiebig, Herbert Hindringer, Sabine Imhof, Adrian Kasnitz, Achim Wagner agus Christoph Wenzel san áireamh) agus phrós (saothair le Gunter Gerlach, Lou A. Probsthayn agus Volker Strübing). Chuir yedermann dhá dhuanaire d’fhilíocht “Slam” amach, a bhuíochas sin ar Ko Bylanzky agus Rayl Patzak, beirt de lucht eagraithe “Slam” in München (Planet Slam 1+2).
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |