Is nós imeachta anailíseach é an tástáil lasrach a úsáidtear sa cheimic chun láithreacht dúl áirithe a bhrath, iain mhiotail go príomha, bunaithe ar speictream astaíochta gach dúil. Braitheann dath na lasracha i gcoitinne ar theocht.

An tástáil lasair a rinneadh ar hailíd chopair. Tá dath saintréitheach gormuaine an lasair mar gheall ar an gcopar.
Tástáil lasrach a thaispeánann láithreacht Litiam .
Lasair dhifriúil dhóire Bunsen, ag brath ar shreabhadh aeir tríd an gcomhla: # comhla aeir dúnta # comhla aeir beagnach dúnta go hiomlán # comhla aer leath-oscailte # comhla aer oscailte go huasonrach Teimpléad:Ordered list
Lasair gháis

Tástálacha lasair do mhiotail cuir in eagar

Is féidir tabhairt ar an chuid is mó de na dúile solas a astú, agus nuair a dhéanann siad tá an solas ar dhath atá ina shaintréith den dúil áirithe sin. Is minic a úsáidtear an solas a astaíonn dúil mar bhealach chun na dúile sin a aithint. Ceann de na bealaí is simplí chun solais a astú as adaimh mhiotail is ea salann an mhiotail a théamh i lasair. Caithfear salainn ó go leor miotal a théamh go teocht an-ard, ach iad siúd atá thíos liostaithe, is féidir solas a astú uathu nuair a théitear iad le dóire Bunsen. Tá clóirídí miotail oiriúnach go háirithe le haghaidh an chuspóra seo toisc go mbíonn siad níos so-ghalaithe de ghnáth ná salainn miotail eile. Tá salainn (na clóirídí más féidir) de na miotail seo a leanas oiriúnach: litiam, sóidiam, potaisiam. cailciam. nicil, copar. strointiam, bairiam.

Modh oibre cuir in eagar

1. Glan sreang phlatanaim nó niocróim trídan tsreang a thumadh i aigéad hidreaclórach tiubhaithe (atá i bhfeadán tástála beag nó ar chlog-ghloine) agus ansin é a théamh dearg nó bán te in imeall lasrach Bunsen neamh-lonrúil. Ná húsáid an buidéal aigéid chun na críche seo mar go mbeadh an t-aigéad éillithe. Athdhéan an nós imeachta arís go dtí nach dtugann an sreang aon dath dearg don lasair.

2. Tum an tsreang in aigéad hidreaclórach tiubhaithe agus ansin i sampla beag de shalann na miotail a bhéas curtha faoi imscrúdú. Téigh an tsreang sa lasair bunsen agus tabhair ar aird dath na lasrach.

3. Scrúdaigh an oiread salainn atá ar fáil. Fág an salann sóidiam go dtí go deireanach mar tá dath a lasair an-mharthanach agus féadann sé fanacht i bhfad tar éis an salann a bhaint den lasair.

4. Ullmhaigh cairt de na torthaí, ag liostáil an miotail, agus dath na lasrach a a tugadh faoi deara.

Dúile coitianta cuir in eagar

Is iad seo a leanas roinnt dúl coitianta agus na dathanna comhfhreagracha:

Siombail Ainm Dath Íomhá
Al Alúmanam Bángheal, i dteochtaí an-ard ar nós stua leictreach, bánghorm
As Arsanaic Gorm  
B Bórón Gléghlas  
Ba Bairiam Gealghlas/úllghlas  
Be Beirilliam Bán
Bi Biosmat  Gormghlas
Ca Cailciam Donnrua, fionnghlas mar a fheictear é trí ghloine gorm.  
Cd Caidmiam Donnrua
Ce Ceiriam Buí
Co Cóbalt Gealbhán  
Cr Cróimiam Gealbhán  
Cs Caeisiam Gormvialait  
Cu(I) Copar(I) Gormuaine
Cu(II) Copar(II) (neamh-hailíd) Uaine  
Cu(II) Copar(II) (hailíd) Gormuaine
Ge Gearmáiniam Gealghorm
Fe(II) Iarann(II) Ór, nuair a bhíonn sé an-te cosúil le stua leictreach, gealghorm gorm, nó uaine ag casadh go buídhonn
Fe(III) Iarann(III) Buídhonn  
Hf Haifniam
Hg Mearcair Dearg
In Indiam  Indeagó /Gorm
K Potaisiam liathchorcra; dofheicthe trí ghloine gorm cóbailt (corcra)  
Li Litiam Corcairdhearg; dofheicthe trí ghloine ghlas  
Mg Maignéisiam (ceann ar bith mar gheall ar chiseal Ocsaíd Mhaignéisiam), ach don mhiotal Mg a dhiandhó, dath lonrach bán le feiceáil. white Bán
Mn(II) Mangainéis(II) Glasbhuí  
Mo Molaibdéineam Glasbhuí
Na Sóidiam Intense yellow; invisible through cobalt blue glass  
Nb Niaibiam Uaine nó gorm
Ni Nicil Airgeadgheal (uaireanta tuairiscítear go bhfuil sí gan dath)  
P Fosfar bánghormghlas
Pb Luaidhe Gorm/bán  
Ra Raidiam Corcairdhearg
Rb Rubaidiam GDarg-vialait  
Sb Antamón Bánuaine  
Sc Scaindiam Flannbhuí
Se Seiléiniam Gormuaine
Sn Stán Bánghorm
Sr Strointiam Corcairdhearg go scarlóid, buí trí ghloine uaine agus vialait trí ghloine chóbailt goirme  
Ta Tantalam Blue
Te Teallúiriam Bánuaine
Ti Titanium Bángheal
Tl Tailliam Fíoruaine
V Vanaidiam Glasbhuí
W Tungstan Uaine
Y Itriam Cairmín, Corcairdhearg, nó Scarlóid
Zn Sinc Gan dath (tuairiscítear uaireanta mar ghormuaine)  
Zr Siorcóiniam Éadromdhearg

Ní tháirgeann ór, airgead, platanam, pallaidiam, agus roinnt dúl eile dath saintréitheach nalasrach, cé go bhféadfadh cuid acu spréacha a tháirgeadh (mar a dhéanann tíotáiniam miotalach agus iarann); Tuairiscítear go bhfágann salainn beirilliam agus ór ar fhuarú, miotal íon ina ndiaidh.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar