Áine Ní Chíobháin
ealaíontóir Éireannach
Is fís-ealaíontóir í Áine Ní Chíobháin atá lonnaithe sa Daingean i gContae Chiarraí. Faigheann sí ionsparáid ó bheith ag féachaint ar an tírdhreach timpeall uirthi. Tá céim onóracha bainte amach aici ó Choláiste Crawford i gCorcaigh. Tá ealaín léi sna bailiúcháin ag HETAC, CIT agus Comhairle Chontae Chiarraí. Thaispeáin sí pictiúir dá cuid sa RHA Annual & Impressions Biennale. Tá go leor deontaisí, tréimhsí cónaithe agus duaiseanna do thionscnaimh buaite aici ó thosaigh sí amach ar bhóthar na healaíne.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Corcaigh, Éire |
Áit chónaithe | Corca Dhuibhne |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ealaíontóir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |