Áras Ceoldrámaíochta Sydney

Áras Ceoldrámaíochta Sydney ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla ar domhan. Tá príomhionad na hAstráile ina séadfhoirgneamh so-aitheanta ar fud an domhain, suite i gCuan Sydney.[1]

Áras Ceoldrámaíochta Sydney

StairCuir in Eagar

Bhí an foirgneamh á tógáil sna blianta 1959-1973.

Nuair a dhear an t-ailtire ar dtús é, cheap daoine go mbeadh sé ródheacair an foirgneamh a thógáil. Innealtóir as Éirinn, darb ainm Peter Rice, a d’oibrigh amach conas Áras Ceoldrámaíochta Sydney a thógáil.[2]

Sa bhliain 2009, mar chuid d’fhéile bhliantúil na soilse, Luminous, bhí Áras Ceoldrámaíochta Sydney mar chanbhás ollmhór ag líníochtaí dathannacha de chuid an cheoltóra Brian Eno.[3]

Bhí dathanna na Fraince ar an Áras i mí na Samhna 2015 chun tacaíocht a léiriú do mhuintir na Fraince i ndiaidh na hionsaithe ar 13 Samhain 2015 i bPáras.[4]

 
á tógáil sa bhliain 1965

TagairtíCuir in Eagar

  1. Bearnaí Ó Doibhlin (EAGRÁN 91 · SAMHAIN 2008). "An bád bán go Cuas Sydney" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-20.
  2. COGG (12 Feabhra 2014). "Eureka, Imleabhar 10, Eagrán 14,". Dáta rochtana: 2020.
  3. NÓS. "Sydney sna soilse Dathanna nua ar shéadfhoirgneamh aitheanta" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-10-20.
  4. maynoothuniversity.ie (2015). "ELeathanach 216". Dáta rochtana: 2020.