Éamonn Mac Giolla Iasachta

ginealeolaí Éireannach

Bhí Éamonn Mac Giolla Iasachta (Béarla: Edward MacLysaght ; 6 Samhain 1887 - 4 Márta 1986) a bhí ar cheann de na gineolaithe ba mhó le rá in Éirinn san fhichiú haois. Chuir a chuid leabhar ar shloinnte Éireannacha go mór le hobair an Athar Phádraig de Bhulbh Sloinnte Gaedheal is Gall(1923) agus chuaigh sé i bhfeidhm orthu siúd go léir a rinne taighde ar stair a muintire.

Éamonn Mac Giolla Iasachta
Edward McLysaght.jpg
Seanadóir na hÉireann

Meán Fómhair 11, 1922 - Nollaig 6, 1925
Toghchán: Seanad Éireann 1922
Saol
Eolas breithe 6 Samhain 1887
Náisiúntacht Éire
Saorstát Éireann
Bás 4 Márta 1986
Muintir
Athair Sidney Royse Lysaght
Oideachas
Alma mater Corpus Christi College (en) Aistrigh
Scoil Rugby
Gairm
Gairm polaiteoir agus ginealeolaí

LuathshaolCuir in Eagar

Rugadh Mac Giolla Iasachta in Flax-Bourton, Nailsea, Somerset, Sasana. Ba iad Sidney Royse Lysaght agus Katherine Clarke a thuismitheoirí. San iontráil a thug sé in Who’s Who,What’s What and Where in Ireland, sa bhliain 1973, is iad ‘Edward Anthony’ a ainmneacha agus deir sé gurbh amhlaidh a baisteadh é i gContae an Chláir 6 Samhain na bliana 1889 agus gur ‘Séadna McLysaght’ ab ainm dá athair. Protastúnach a athair Sidney agus b’as an gceantar idir Mala agus Dún ar Aill dó; bhí gnó cruach aige i mBriostó ach úrscéalaí aitheanta ba ea é agus bhí meas air mar fhile. Scríobh Éamonn a bheathaisnéis, S.R. Lysaght. The Author and the Man, 1974. B’as Lincolnshire do Katherine Clarke ach mhaíodh Éamonn gurbh as Laois dá sinsir i bhfad siar. Luann Éamonn deartháir amháin, Pat.

Níl amhras ach gur mar oidhreacht ón athair a fuair sé an grá a bhí aige riamh ar Éirinn. Ach is oiliúint Shasanach amach is amach a tugadh dó: scoil ullmhúcháin in Nash House gar do Bhriostó, ansin an scoil cháiliúil Rugby, mar a raibh Rupert Brooke ar dhuine dá lucht aitheantais, agus i ndeireadh báire cúpla bliain i gColáiste Corpus Christi, Oxford. D’fhág sé Oxford um Márta 1908: ‘I did no good there and left the place abruptly in a disreputable atmosphere of whiskey and horses’ (Changing Times). Faoin ainm ‘Jim Hogan’ chuaigh sé ag obair mar phrintíseach ar fheirm in Tunley, Somersetshire, gan fhios dá mhuintir a bhí san Astráil ag an am. Bhain sé ardtaitneamh as trí shamhradh timpeall 1907 a chaith sé i gContae an Chláir, é ag cur faoi i sean-otharcharr sna dumhcha idir Lios Ceannúir agus an Leacht; tuairim 1908 a thosaigh sé ag foghlaim beagán Gaeilge ó chainteoirí dúchais sa cheantar sin. I 1909 cheannaigh a athair feirm mhór 600 acra sna Ráithíní in aice le Tuaim Gréine i gContae an Chláir; níor shíl Coimisiún na Talún gur thalamh é a bhí oiriúnach le roinnt ar thalmhaithe. B’as an taobh sin den Chlár do mhuintir Lysaght i bhfad siar agus is nuair a d’aistrigh siad go Co. Chorcaí a d’iompaigh siad ina bProtastúnaigh; cá bhfios nach raibh baint ag iompú Éamoinn ina Chaitliceach san eaglais i dTuaim Gréine leis an gcúlra sin? Ba é a bheadh i mbun ghnó na feirme sna Ráithíní ó 1909 amach. B’fhéidir a rá gur cuntas ar a shaol mar fheirmeoir is ea an t-úrscéal The Gael, 1919. Feasta is Cláiríneach a bheadh ann agus bheadh blas an Chláir ar a Bhéarla, fiú.

TagairtíCuir in Eagar