Contae an Chláir
I dtuaisceart Chúige Mumhan atá an Clár nó Contae an Chláir.[1] Tá teorainn aige le Contae na Gaillimhe ó thuaidh agus tá an tAigéan Atlantach ar an taobh thiar de. Tá Inbhear na Sionainne ar an dtaobh ó dheas, agus an tSionainn í féin agus Loch Dearg ar an taobh thoir.
Contae an Chláir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Príomhchathair | Inis | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 117,096 (2011) | ||||
• Dlús | 33.94 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 3,450 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Clare County Council (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae an Chláir | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-CE | ||||
Cód NUTS | CE | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100009 | ||||
Suíomh gréasáin | visitclare.ie |
Daoine
cuir in eagarIs í Inis an t-aon bhaile mór atá sa chontae. Tá Aerfort na Sionainne tuairim is 20 km siar uaidh. Tá an t-aerfort an-tábhachtach do mhuintir na háite agus d'iarthar na hÉire ar fad - tá sé níos éasca ar thurasóirí cuairt a thabhairt ar iarthar na tíre, agus d'imircigh ón iarthar cuairt a thabhairt abhaile. Tá eastát tionsclaíochta an-tábhachtach in aice leis an Aerfort chomh maith, i mbaile na Sionainne, baile nua a cruthaíodh thart ar daichead bliain ó shin.
Tá cáil ar an gcontae, leis, mar ionad don cheol traidisiúnta Gaelach. Gar d'Inis atá an Tulach, agus is ann atá an grúpa ceoil cáiliúil 'Banna Céilí na Tulaigh'.
Tír
cuir in eagarTá tuaisceart an chontae clochach go maith, agus tugtar carst ar an sórt seo tíre, le leacacha móra d'aolchloch, pluaiseanna, agus blátha idir na craige nach bhfásann mórán sa chuid eile den tír. An Bhoireann a thugtar ar an gceantar sin, agus tá an sórt leagain amach céanna, nach mór, in oileáin Árann atá thiar uaidh thar farraige.
Tá cáil ar aillte an Mhothair leis, na haillte is airde sa tír, mar gheall ar na radharcanna breá amach ar chuan na Gaillimhe agus ar oileáin Árann uathu. Tá titim caol díreach síos uathu go farraige.
Tá roinnt talún maith i ndeisceart agus in oirthear an chontae ar bhruach na Sionainne.
Teangacha
cuir in eagarSa daonáireamh deireanach(2011), bhí 53,853(48.1%) duine i gcontae an Chláir in ann Gaoluinn a labhairt, agus labhair 2,052(1.8%) duine Gaoluinn go laethúil lasmuigh don chóras oideachais. Labhair 10,711 duine sa chontae teanga eile seachas Gaoluinn nó Béarla sa bhaile. Ba í an Pholainnis an teanga ba chomónta de na teangacha seo agus 2,644(2.4%) cainteoirí ann.
Bailte
cuir in eagarIs baile measartha gnóthach í Inis le roinnt blianta anuas. Bíonn trácht as Gaillimh go hAerfort na Sionainne ag dul tríd agus mealltar roinnt turasóireacht ghinearálta freisin. Is ann freisin, a thionóltar ceann de na Fleánna Ceoil is mó na tír. Tá tránna breá i Leath Inse, i gCill Chaoi agus in áiteanna eile. Tá cáil idirnáisiúnta ar Leath Inse, freisin, mar láthair ghailf. Is áit mhór shaoire, freisin, Lios Dúin Bhearna, agus bhain go leor de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre a gcáil amach ann. Is ann, freisin, a bhíonn féile 'chuile bhliain do bhaitsiléirí, timpeall an ama a bhíonn deireadh leis an bhfómhar. Feirmeoirí is mó a bhíodh ag dul ann, ach tagann go leor eile idir óg agus aosta anois.
Bailte/Paróistí i gContae an Chláir
cuir in eagar- Ard na Croise, Ard na Sailchis
- Baile na Caillí, Baile Uí Bheacháin, Baile Uí Bheoláin, Boirinn, Bun na Raite, Baile an hÍomhar
- Cill Bheathach, An Carn, Carraig an Chabhaltaigh, an Chreatlach, an Chríoch, Cill an Dísirt, Cill Chaoi, Cill Dá Lú, Cill Mhichíl, Cill na Móna, Cill Rois, Cora Chaitlín, Cora Finne, Cuar an Chláir, Cuinche, An Chloch Liath, Cathair Dhá Chon, Cluain an Fhathaigh, Cluain Lára, Cuar an Chláir, Cubhar, Cora Finne, Cora Finne, An Chríoch, Croisín, Cros an Iománaí, Cill Fhionnúrach, Cill Chisín, Cill Mhaile, Cill Mhichíl, Cill Iníne Baoith, An Cnoc, Coillte, Cuinche, Cnoc Uarchoille
- Droichead Abhann Uí gCearnaigh, Droichead an Chláir, Droichead Uí Bhriain, Dúire, Dúlainn, an Dún Beag, Dún Átha, An Dún Beag
- Eidhneach
- An Fhiacail, Fíoch Rua, Fánóir,
- An Geata Bán, Gort Lomán
- Inis, Inis Diomáin
- An Leacht, Lios Ceannúir, Lios Dúin Bhearna, Lios Uí Chathasaigh, Lúbán Díge, Leaba Shíoda
- Mileac, Mullach, Móinín na gCloigeann, Muiriúch Tuaithe, Muillte Uí Cheallacháin
- An Pairtín
- Rinn na Spáinneach
- An Ruán
- An Scairbh, An tSionna, Sráid na Cathrach
- Tuaim Gréine, Tuath Uí gConaile, an Tulach
Barúntachtaí
cuir in eagarTíreolaíocht
cuir in eagar- Aill an Daill, Aillte an Mhothair, Abhainn na hAille
- Baile Ard, Bá Lios Ceannúir, An Bhoireann
- Ceann Caillí, Cuan na Gaillimhe, Ceann Léime, Cnoc an Ois
- Each Inis
- An Forghas
- Inis Cathaigh, Inis na Canánach
- Loch Deirgeirt
- Mullach Mór
- Oileán Fia
- Pluaiseanna na hAille Buí, Poll an Eidhneáin, Poll na gColm
- Slí Bhoirne, Sliabh Eachtaí, Sliabh Rua, Sliabh Calláin, An tSionainn
- Tuadhmhumhain
Stair
cuir in eagarÓn gcontae seo a tháinig Brian Bóirmhe, an ceannaire Gaelach a chloígh na Lochlannaigh i gCath Chluain Tarbh. B'as oirthear an Chláir Brian Mac Giolla Meidhre, údar Chuairt an Mheán Oíche, a thosaíonn le cur síos ar áit a bhí gar dá chroí, Loch Gréine. Ba sa chontae seo a tógadh Eamon de Valera, a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse, agus a bhí ina uachtarán agus ina Thaoiseach ar Éire.
Cultúr
cuir in eagar- Aerfort na Sionainne
- Caisleán Bhun Raite, Cathair Chomáin, Cathair Chonaill, Creagán Eoghain, Caisleán na Cnapóige, Caisleán Dhrom Ólainn, Caisleán Léim an Eich, Caisleán Dhún na gCorr, Coláiste an Rísigh, Coláiste Fhlannáin Naofa, Coláiste Phobal Naomh Áine, Comhairle Contae an Chláir, Cois na hAbhna
- Dál gCais, Deoise Chill Dalua, Dabhach Bhríde
- Mainistir Chorco Modhruadh, Mainistir Chuinche, Meanscoil na mBraithre, Inis Diomáin
- Páirc Uí Chíosóig, Inis, Poll na mBrón
- Scoil Samhraidh Willie Clancy
- Túr an Mhothair
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Contae an Chláir/Clare | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Scríbhneoirí Gaeilge an Chláir ó 1850 Anall
- Míniúcháin ar Ainmneacha Gaeilge na mBailte Phoist
- An Ghaeilge, Comharthaíocht agus Logainmneacha - le Conor Ó Catháin