Ó mo Bheirt Phailistíneach (Dán)

dán le Michael Davitt

Chum an file Michael Davitt an dán Ó mo Bheirt Phailistíneach. Foilsíodh é i 'Bligeard Bráide', Coiscéim, BAC 1983.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilÓ mo Bheirt Phailistíneach
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1983

Bhunaigh agus d'eagraigh Davitt an iris filíochta "Innti". D'oibrigh sé le RTÉ mar thuairisceoir agus láithreoir. I 1994, bhronn An Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air. Bhí sé ina bhall d'Aosdána.

An dán cuir in eagar

Bhrúigh mé an doras
oiread a ligfeadh solas cheann an staighre
orthu isteach:
na héadaí leapa caite díobh acu
iad ina luí sceabhach
mar a thiteadar:
a gúna oíche caite aníos thar a mása
fuil ar a brístín lása,
as scailp i gcúl a cinn
a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr,
putóg ag úscadh as a bholgsan
mar fheamainn ar charraig,
ae ar bhraillín,
leathlámh fhuilthéachta in airde.
Ó mo bheirt Phailistíneach ag lobhadh sa teas lárnach.

Naisc sheachtracha cuir in eagar