Innti
Iris filíochta Gaeilge ab ea Innti, ina raibh véarsaíocht, aistí critice agus léirmheasanna. Bunaíodh é i Márta 1970 mar mhórbhileog filíochta ag mic léinn UCC, agus athbhunaíodh é mar iris sa bhliain 1980 ag Michael Davitt, ceann de na comh-bhunaitheoirí.
Chabhraigh an iris le haird an phobail a tharraingt ar obair scata fhilí óga a raibh baint acu leis an ollscoil, ina measc Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, agus Gabriel Rosenstock.
Déantar tagairt dóibh go minic mar an grúpa Innti, a raibh an tiomantas céanna acu d'athnuachan fhilíochta na Gaeilge ó fhoinsí éagsúla chultúr chomhaimseartha ár linne.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |